Méid an Téacs

Cleamhnas Gasta in Eochaill

Bealtaine 9, 2012

Ar an 15ú Márta tháinig an dá scoil Gaelscoil na Tríonóide, Eochaill agus Coláiste Daibhéid, Corcaigh le chéile le haghaidh ócáid mhór Sheachtain na Gaeilge, sé sin Comórtas Cleamhnas Gasta. B’é seo an chéad uair a eagraíodh comórtas idirscoile do Sheachtain na Gaeilge i bPobalscoil na Tríonóide agus bhí sceitimíní áthais ar na daltaí go léir. Meascadh na daltaí le chéile i naoi ngrúpaí agus tugadh cúpla nóiméad dóibh an oiread eolais agus ab fhéidir a fháil amach faoi na daoine eile sa ghrúpa, iad ag imeacht ó dhuine go duine. Nuair a bhí an t-am istigh ghlaoigh Fear an Tí, Liam Ó Laochdha ar dhaltaí ó gach grúpa agus tugadh pointí dóibh do gach aon phíosa eolais a bhí aimsithe acu. Tar éis an chomórtais cuireadh sólaistí ar fáil do gach éinne agus bhí deis ag daltaí aithne níos fearr a chur ar a chéile.  Bhain na daltaí go léir ard-taitneamh as an ócáid agus táimid go léir ag tnúth cheana féin le Mí na Márta 2013! Míle buíochas ag dul chuig Iníon Ní Fhlatharta a d’eagraigh an ócáid, chuig mhúinteoirí Choláiste Daibhéid as an dtacaíocht a thug siad dúinn agus chuig dhaltaí Idirbhliana a chabhraigh go mór ar an lá.

Grease! le Gaelscoil agus Naíonra Dhroichead na Banndan

Aibreán 16, 2012

Cuairt Ghaelscoil Eiscir Riada ar Ghaelscoil Naomh Pádraig

Aibreán 3, 2012

Tháinig Gaelscoil Eiscir Riada ar cuairt chugainn anseo i nGaelscoil Naomh Pádraig i rith Seachtain na Gaeilge. Isteach le Naíonáin Mhóra ón dá scoil sa halla ag 11 a chlog. Roinneadh suas i ngrúpaí iad, an dá scoil mheasctha le chéile. Le cabhair ó Rang a Sé agus na múinteoirí bhí gníomhaíochtaí éagsúla ar siúl ag gach grúpa. Rince sa halla, scéal sa leabharlann, ealaín sna seomraí ranga, rásaíocht ar an gclós agus cluichí paraisiút taobh amuigh. Bhí seans ag na grúpaí dul ó ghníomhaíocht amháin go gníomhaíocht eile. Bhailigh muid ar fad sa halla arís ag an deireadh agus bhí rud beag deas againn chun críoch a chur leis an gcuairt. Bhí lá iontach ag na naíonáin mhóra!!!

Seachtain na Gaeilge i Scoil Gharbháin

Aibreán 2, 2012

Céilí Mór

Ní gá dul chun River Dance’ a fheiscint bhí ‘Riverdance’ againn anseo sa chlós ar an Déardaoin seo chaite chun Seachtain na Gaeilge a chéiliúradh. Ní Michael Flatley amháin a bhí againn ach breis ‘s céad. Bhain na páistí an-thaitneamh as an spraoi agus as an rince a chur críoch iontach le seachtain na Gaoluinne. Is ócáid bhliantúil é anois agus ár mbuíochas ó chroí le Múinteoir Muireann. Ní amháin gur eagraigh sí an imeacht dhein sí cleachtadh ar na rincí le gach rang agus a chruthaigh Muireann atmaisféar iontach inár measc mar Mháistreás na searmanas mar is ghnáth. Buíochas chomh maith le Múinteoir Máire an teicneoir fuaime. Bíonn iomaíocht do chreidthe gach bliain nuair a thosnaíonn an Rinnce Deilbhe agus comhgháirdeachas leis na buaiteoirí.

Tráth na gCeist Boird

Ba mhaith linn ár mbuíochas ó chroí a ghabhailt leis na scoileanna áitiúla a thug tacaíocht dúinn an imeacht seo a chur ar bun don chéad uair riamh ar son Seachtain na Gaeilge. Thug sé misneach agus árdú meanma  dúinn an slua a fheiscint a bhí i láthair. D’eirigh thar barr linn. Tá ard mholadh tuillte ag na páistí bhíodar ar fheabhas agus bhaineamar an thaitneamh astu,  Bhí an iomaíocht do chreidthe eatarthu. Tá ard mholadh tuillte ag an bhfoireann scoile agus ag rang 5 agus ag rang 6 as duthracht a gcuid oibre an imeacht seo a eagrú agus ag Coiste na dTuismitheoirí a chabhraigh linn na duaiseanna a eagrú. Buíochas ó chroí le Gaelscoileanna a dhein urraíocht ar an imeacht seo. Tá cinneadh déanta againn gur imeacht bhliantúil a bheidh i gceist agus go mbeidh oíche againn do rang 3 agus rang 4 chomh maith an bhliain seo chugainn. Sin dáta cinnte daoibh don dialann.

Comhgháirdeachas leis na Buaiteoirí : Rang 5 1ad Scoil Náisiúnta an Gharán Bháin, 2ú áit : Scoil Náisiúnta na Carraige Liath, 3ú áit Scoil Mhuire, Dún na Mainistreach. Rang 6: 1ad áit: Scoil Mhuire, Dún na Mainistreach, 2ú áit : Scoil Náisiúnta na Carraige Liath, 3ú áit Scoil Náisiúnta an Gharán Bháin.

Seachtain Cheilteach agus Banc na hÉireann

Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabhailt le Banc na hÉireann i nDúngarbhán as an gcuireadh a thug siad dúinn a bheith páirteach i Seachtain na gCeilteach i mbliana agus as an bhfáilte ‘s fiche a chuireadar romhainn. Chaith Múinteoir Máire agus Múinteoir Muireann agus na páistí an tseachtain ag cleachtadh agus ag ullmhú don ócáid. Bhí maidin iontach againn sa bhanc ag seinnt ceoil idir boscaí ceoil, veidhlíní, banjos, bodhráin agus feadóga stáin. Ba bhreá an rud é an ceol iontach a chloisint. Chasadar na hamhráin agus Múinteoir Máire á stiúriú ar an ngiotar agus dheineadar droichead Áth Luain a thaispeáint dóibh agus Múinteoir Múireann á stiúriú. Bhíomar ana bhródúil go deo astu. Ár mbuíochas leo agus le tuismitheoirí na scoile a tháinig chun tacaíocht a thabhairt dúinn.

Gaelscoil Chaladh an Treoigh – Seachtain na Gaeilge

Márta 27, 2012

Thugamar cuireadh do Ghaelscoil Ó Doghair teacht ar cuairt chugainn ar an 13 Márta le linn Seachtain na Gaeilge. Tháinig Rang III agus Rang V agus an príomhoide agus bheirt oide ranga ina dteannta. Bhí ceoltóirí ó Ollscoil Luimnigh linn ón 10 go dtí a 12 ag casadh ceoil agus amhráin dúinn. Rinne siad rince Gaelach agus damhsa ar an seannós freisin. Bhí lón mór againn le muintir Ollscoil Luimní agus le daltaí Ghaelscoil Ó Doghair. Phléamar seifteanna difiriúla chun an Ghaeilge a chur i bhfeabhas ar scoil agus d’iarramar ar na daltaí a gcuid smaointe a roinnt lena chéile.

Bhí deis ag na daltaí páirt a ghlacadh i dTráth na gCeist agus i gcluichí spóirt tar éis am lóin agus bronnadh duaiseanna orthu roimh dheireadh an lae. Bhí Gaeilge bhreá bhlasta á labhairt i rith an lae.

Ghlac Gaelscoil Chaladh an Treoigh páirt i gCoirm i dTrá Lí le déanaí. Bhuaigh siad dhá ghradam – ceann amháin le haghaidh an ceol a bhain siad úsáid as agus ceann eile don an téama a bhí bainteach leis.

Léiríomar dráma ar a dtugtar na ‘Mucateers’ don fhéile drámaíochta ‘Coirm’ agus don ‘Chomórtas Scoildrámaíochta’. Chuireamar an dráma ar stáitse ar an Aoine seo caite 23 Márta i halla nua na scoile. Thugamar cuireadh do thuismitheoirí, do sheantuismitheoirí, aintíní, uncail agus cairde gach dalta sa scoil freastal ar an seó. Rinneamar a lán oibre chun an drama a léiriú, agus bhí gach éinne an-bhrodúil as Rang a 5. Bhíomar thar a bheith sásta é a chur i láthair os comhair lucht féachana. Ba seó siamsúil é agus bhí sé oiriúnach do pháistí. Lean an seó thart ar tríocha cúig nóiméad. Bhí slua mór ann agus bhí spórt agus spraoi iontach ann.

Le linn Seachtain na Gaeilge rinne gach rang i nGaelscoil Chaladh an Treoigh dán/amhrán/taispeántas/seó difriúil ag tionól sa Halla agus bhain gach rang taitneamh as breathnú ar na ranganna difriúla. Bhí comórtas postaer ar siúl freisin agus thugamar duaiseanna Uibheacha Cásca do na daltaí a bhuaigh. Labhairt na Gaeilge an téama a bhí leis.

Rang 6 sa Rinn – Gaelscoil na nDéise

Eanáir 16, 2012

Chuaigh daltaí Rang 6 ó Ghaelscoil na nDéise ar cuairt 3 lá go Gaeltacht na Rinne idir an 11ú Bealtaine 2011 agus an 13ú Bealtaine 2011. Bhuaileamar le daltaí Rang 6 ó Scoil na Leanaí ann ‘s ghlacamar páirt sna himeachtaí éagsúla linn. Bhí deis iontach againne ár gceantar Ghaeltachta áitiúil a fheiscint ‘s canúint na háite a chloisint ‘s a fhoghlaim. Ghlacamar páirt i gcluichí, caithimh aimsire, rince gaelach, turasanna ‘s go leor imeachtaí eile. Bhí deis iontach againn bualadh le daltaí ó ghaelscoil eile ‘s cumarsáid a dhéanamh leo trí mheán na Gaeilge i modh taitneamhach. D’fhanamar i gColáiste na Rinne (ionad Gaeilge sa Rinn) ‘s bhí ár gcuid béiltí againn ann chomh maith. Chuamar ar turasanna timpeall an cheantair agus bhíomar an-thógtha lenár nGaeltacht áitiúil!! Bhí an-spórt ‘s spraoi againn le daltaí Scoil na Leanaí chomh le muintir an Choláiste ‘s táimid ag súil go mór leis an turas ann Bealtaine seo chugainn cheana féin!!

Gaelscoil na bhFilí – Cuairt Scoile

Samhain 2, 2011

Bhí an-spórt agus spraoi againn. Bhaineamar an-sult as “Lá Idirghaelscoileanna”. Thug sé deis iontach dúinn an Ghaeilge a leathnú amach ó na leabhair agus í a úsáid mar theanga bheo.

Ghlac na páistí ról lárnach i n-eagrú an lae. Chuir sé seo go mór leis an ócáid. Chum na páistí ceisteanna i gcomhair Tráth na gCeist bunaithe ar rudaí foghlamtha i mbliana. Thaitin an gníomhaíocht seo go mór leis na páistí. Rinneamar ealaín le chéile. Bhain gach duine an-sult agus tairbhe as an seisiúin Féach agus Freagairt. D’fhoghlaim siad go leor rudaí nua ó na páistí eile, msh. nósanna na scoileanna eile. Dhear gach páiste a gcuid masc féin ag baint úsáide as cur chuige éagsúla, msh. úsáid péint, dathanna éagsúla, srl.

Bhí am seanchaí againn. Mhúin na páistí amhrán nua do na cuairteoirí. Bhí an aiseolas ar fad an-dearfach. Táimíd ag súil go mór le lá idirghaelscoileanna 2012. Bhí na páistí fágtha leis an teachtaireacht shoiléir go bhfuil an Ghaeilge labhartha taobh amuigh de gheataí na scoile agus ní amháin sa seomra ranga.

Turas Ghaelscoil Uí Éigeartaigh, An Cóbh go dtí Gaeltacht Chorca Dhuibhne

Bealtaine 31, 2011

Chuaigh Rang 6 ó Ghaelscoil Uí Éigeartaigh, An Cóbh ar thuras scoile speisialta go dtí Gaeltacht Chorca Dhuibhne i mí Bealtaine 2011 ós rud é go bhfuil an scoil ag comóradh 25 bliain ar an saol i mbliana. Turas ceithre lá a bhí ann agus d’éirigh leis an grúpa réimse mór imeachtaí a dhéanamh fad a bhí siad ann. (i.e. Turasanna chuig: Stiúidió Raidió na Gaeltachta chun clár raidió a dhéanamh, Ionad an Bhlaoscaoid, Séipéilín Ghallarais,  Falla Dreapadóireachta, An t-Ionad Babhlála agus An Domhan Fothoinn sa Daingean, agus snámh san Aquadome i dTrá Lí ar an slí abhaile )

I measc na n-imeachtaí sin chomh maith thugadar cuairt ar bhunscoileanna Gaeltachta (Scoil Dhún Chaoin agus Scoil Naomh Eirc).  Le linn na gcuairteanna sin tugadh deis do na daltaí araon amhráin a chanadh dá chéile, poirt a sheinnt , scéalta a insint  agus gan dabht dreas súgartha a dhéanamh lena chéile chomh maith!

Eagraíodh Céilí Mór do cheann dos na h-oícheanta ansin agus tugadh deis eile do na daltaí as na trí scoil bualadh lena chéile arís agus píosa ‘craic’ a bheith acu. Baineadh an- sult go deo as an oíche agus gan dabht bhí raidhse sóláistí ar fáil chomh maith!

Táimid thar a bheith buíoch do gach éinne a chabhraigh linn an dturas seo a chur i gcrích…

  • Príomhoidí & múinteoirí na scoileanna gaeltachta
  • Na Mná Tí ( Bríd Uí Lúing & Annie Feirtéar)
  • Fear an Bhus (John ó Chomhlacht Butlers sa Chóbh)
  • Tuismitheoirí & daltaí a bhailigh an t-uafás airgid don turas ó thus na     bliana
  • Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne
  • Gaelscoileanna Teo.

Seomra Comhrá Scoil Gharbháin

Bealtaine 16, 2011

Ghlac trí ghaelscoil páirt i dtionscnamh a bhí á stiúradh ag Múinteoir Sinéad Ní Mhurchadha ó Scoil Gharbháin, Dún Garbhán le déanaí. Cruthaíodh nasc fíorúil idir daltaí i Rang 6 Scoil Gharbháin, Gaelscoil Philib Barún agus Gaelscoil na nDéise ag úsáid seomraí comhrá ar suíomh idirlín na scoile. Bhuail na daltaí lena chéile i dtimpeallacht fíorúil (an seomra comhrá) uair sa tseachtain ar feadh tréimhse sé seachtaine. An cuspóir a bhain leis ná deiseanna breise a thabhairt do dhaltaí idirghníomhnú as Gaeilge le daltaí eile ar chomhaois leo féin, ar mhaithe le inniúlacht teanga a fhorbairt agus féiniúlacht na ndaltaí a leathnú.

Bhí fócas faoi leith ag gach seisiún comhrá, bhí na topaicí cainte roghnaithe ag na daltaí, ábhair a bhí bunaithe ar an gCuraclam Gaeilge agus oiriúnach dá saol féin. Gach seachtain, chaith na daltaí roinnt ama sa seomra ranga ag ullmhú don rannpháirtíocht sa seomra comhrá, rud a chuaigh go mór chun tairbhe ar chaighdeán an chaidrimh. Bhailigh stiúrthóir an tionscnaimh sonraí agus aischothú ó dhaltaí de réir mar a bhí an tionscnamh ag forbairt. Ba léir ón méid a bhí le rá ag daltaí go raibh an t-uafás le fáil as páirt a ghlacadh ina leithéid. D’úsáideadar Gaeilge i slite nua le grúpa daltaí nua. Thug sé deiseanna dóibh an dearcadh a bhí acu ar úsáid na Gaeilge a athnuachan. Ár mbuíochas le GAELSCOILEANNA TEO. a chuir deontas ar fáil dúinn.

Gaelscoil Gharbháin

Gaelscoil na nDéise

Gaelscoil Philib Barún

Comórtas Fichille Cúige Laighean 2011

Bealtaine 11, 2011

Mhúscail an domhain le guthanna na heinimí go luath Bealtaine 9ú ach amach as seo bhí comórtas speisialta ar siúl an lá sin, comórtas ina raibh níos mó ná guthanna héininí, comórtas fichille na mbunscoileanna go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Aon scoil déag ar tháinig chuig an scoil iontach Gaelscoil Chnoc Liamhna chun páirt a glacadh ins an comórtas thar barr seo a bhí eagraithe ag múinteoir fichille Úna O Boyle le tacaíocht ó Gaelscoileanna Teo. Go luath a bhí na póstaeir ag dul suas agus na balún a shéid agus go tobann bailiú na scoileanna ag 10.15rn agus go luath tar éis sin inar thosaigh an chéad cluiche, croiche beaga ag preabadh. Smaointeoireacht straitéiseach in intinn gach uile páiste, bua an buanthrófaí fichille deartha go speisialta ag Shane Holland! I rith an lá bhí croiche briste, bhí croiche ar bonn na muice, ach go hairithe bhí croiche lán le bheithe ag caint agus ag imirt le páistí eile leis an teanga nádúrtha féin. Lá iontach speisialta a bhí ann. Ag deireadh na gcluichí ina raibh an timire ag cur allas bhí buaiteoirí ann. Na daltaí cruinnithe thart ar an réiteoir bocht Brendan Corrigan (a bhí ag cuir allas fosta), croíthe fós ag preabadh! Dan Boyle ina measc ag fanacht na duaiseanna a roinnt amach. Sos, sos beag! Bhí gach uile duine ana bhroidiúil gur chuir Clare Spáinneach as Gaelscoileanna Teo cúirt ar an eachtra stairiúil seo. Bhí an comórtas briste suas i dhá grúpa toisc go raibh an méid sin daltaí agus scoileanna ag glacadh páirt, grúpa Banba agus grúpa Fola, an grúpa Banba ag troid don Buanthrofaí Fichille. Ag 1.15in tháinig na daltaí árais chuig an halla a bhí gléasta suas don ócáid seo. Bhí gach uile paiste ag siúl le scéal bhroidiúil don scoil. Bhí an atmaisféar mothaithe ag gach uile tuismitheoir, gach múinteoir, gach coimeádaí, gach dalta, gach duine. Bhí bród sa halla, ach… ach cé hiad na buaiteoirí?!

Grúpa Fola i dtús,
An tríú háit: Scoil an tSeachtar Laoch, Bhaile Munna, Baile Átha Cliath
An dara háit: Scoil na Ríthe, Domhnach Seachnaill, Co na Mí
An chéad áit, le bualadh druma: Scoil Lorcáin, Baile na Manach, Co. Bhaile Átha Cliath

Bhí sé ceart ansin Smaoineamh ar an clann fichille ríoga:

Prionsa Fichille: Fiachra as Scoil Bhríde
Beanphrionsa Fichille: Cáit as Scoil Lorcaín

Sos deich soicind le croiche a bheith ceart arís

An bhanríon fichille agus an rí fichille ag teacht suas le chéile
Banríon Fichille: Caoimhe as Scoil an tSeachtar Laoch, Bhaile Munna, Baile Átha Cliath
Rí Fichille: Cillian as Scoil Mologa, Crois Araild, Baile Átha Cliath

Bomaite grianghraif!

An Ríoga Fichille ag faigh coróin fichille agus trófaí fichille le bród.

Anois go dtí an grúpa Banba.
Oh mo gollywash, anois go bhfuil na croiche ag preabadh níos láidre.

Dan Boyle ag seasadh siar ag fanacht.
Saghas X-factor drumaí ar siúl.
Cad é an scéal?

Grúpa Banba ag troid don buanthrofaí Fichille 2011.

An tríú háit: Scoil Mologa, Crois Araild, Baile Átha Cliath.
An dara háit: Scoil Bhríde 2, Raghnallach, Baile Átha Cliath.

Cad é an scéal?

An chéad áit,

Daltaí ag rá “Scoil Bhríde” ach an bhfuil scéal eile ann?

Le bualadh druma:

Scoil Bhríde, Raghnallach, Baile Átha Cliath.

An Buanthrofaí Fichille inar bhuaigh Scoil Aonghusa as Droichead Átha, Co. Lú i 2010 ag dul chuig Scoil Bhríde, Rannalagh, Baile Átha Cliath an bhliain seo, 2011.

Chuaigh gach uile dalta abhaile le scéal, le bronntanas, le bród agus go háirithe le cuimhne; ná déan dearmad; le tacaíocht ó Gealscoileanna Teo agus le tacaíocht ó Príomhoide Con Ó Tuama ó Gaelscoil Chnoc Liamhna; go raibh míle maith agaibh. Ní bheadh muid in ann an spóirt agus an comórtas fichille iontach seo a imirt gan tacaíocht.
Lá iontach a bhí ag daltaí ó na scoileanna éagsúla agus lá iontach ag na múinteoirí, tuismitheoirí, coiméidí.
Ag siúl go mór anois le 2012.

Fíor buíochas do gach scoil a ghlac páirt an bhliain seo agus go háirithe Gaelscoil Chnoc Liamha, ionad na gcluichí.

Seo iad na scoileanna a glac páirt:

  • Scoil Aonghusa, Geata an Domhnaigh, Droichead Átha, Co. Lú
  • Gaelscoil Chnoc Liamhna, Seanbhóthar Chnoc Liamhna, BÁC 16
  • Gaelscoil an Bhradáin Feasa, Bóthar an Mhuilinn, Droichead Átha, Co. na Mí
  • Scoil Bhríde, Bóthar Feadha Cuilinn, Raghnallach, Baile Átha Cliath 6
  • Gaelscoil Mhoshíológ, An Chraobhachm Bth. Charn an Bhua, Guaire, Co. Loch Garman
  • Gaelscoil Inse Chór, Droichead na hInse, BÁC 8
  • Gaelscoil Bharra, Ascal an Fhasaigh, Cabrach, BÁC 7
  • Scoil Mologa, Bóthar Tigh Chláir, Crois Araild, Baile Átha Cliath 6W
  • Scoil Lorcáin, Cearnóg Eaton, Baile na Manach, Co. Bhaile Átha Cliath
  • Gaelscoil Bhriain Boroimhe, Seanbhaile, Coill na nÚll, Bóthar Chill Dhéagláin, Sórd, Co. Átha Cliath
  • Gaelscoil na Ríthe, Bóthar Dhroim Rí, Domhnach Seachnaill, Co na Mí
  • Scoil an tSeachtar Laoch, Bóthar Bhaile Munna, Baile Átha Cliath 11

« Previous PageNext Page »