Méid an Téacs

Gaelscoil an Chaistil – Bliots Peile

Deireadh Fómhair 1, 2010

Chaith muid 23 Meitheamh 2010 le páistí Ghaelscoil Éadáin Mhóir agus bhí lá iontach againn.  D’eagraigh muid cluichí clóis le Rang 1 go 7 agus ansin bhí bliots peile ag na daltaí sinsearacha.  Baineadh an-sult as agus ba mhór ag na páistí dul ar ais arís i mbliana ach mar a dúirt siad ar an lá, beidh orainn iomáint a imirt in ionad peile mar bhí an bua ag Gaelscoil Éadáin Mhóir agus ní againn.

Tráth na gCeist – Gaelscoil de hÍde

Meán Fómhair 23, 2010

Bhí spórt is scléip ag páistí Rang 5 ó Ghaelscoil de hÍde, ó Scoil na Mainistreach agus ó Scoil Mhuire, Ros Comáin ar an 9ú lá de Mhí na Márta le linn Seachtain na Gaeilge 2010. D’eagraigh Múinteoir Laoise Nic an Rí, ó Ghaelscoil de hÍde, Tráth na gCeist as Gaeilge le haghaidh suas le céad páistí ‘sna trí bhunscoileanna sa bhaile mór. Is i Scoil na Mainistreach a cuireadh an imeacht ar siúl agus bhain gach éinne a bhí páirteach ard-taitneamh as. Bhí ceisteanna faoi Spórt, Cúrsaí Reatha, Ceol, Stair, Tír eolas agus ábhar eile nach iad. Chuir sé gliondar chroí ar na múinteoirí uile a bhí i láthair a ndaltaí a fheiceáil ag cumarsáid i nGaeilge go nádúrtha, spraíúil. Bhí na foirne meascaithe le páistí ó na trí scoileanna agus b’álainn an rud é na páistí a fheiceáil ag obair i dteannta a chéile. Bronnadh duaiseanna ar na buaiteoirí ag an deireadh a bhí urraithe ag Gaelscoileanna Teo. D’aontaíomar go léir idir mhúinteoirí agus páistí gurbh iontach an ócáid a bhí ann agus táimid ag tnúth le Seachtain na Gaeilge 2011 chun imeacht eile a eagrú idir na scoileanna chun cairdeas agus dul chun cinn na teanga a chothú i measc aos óg Ros Comáin.

Gaelscoil na nDéise – Turas Gaeltachta

Meán Fómhair 17, 2010

Chuaigh daltaí Rang 6 ó Ghaelscoil na nDéise ar cuairt 3 lá go Gaeltacht na Rinne idir an 5ú Bealtaine 2010 agus an 7ú Bealtaine 2010. Bhuaileamar le daltaí Rang 6 ó Scoil na Leanaí ann ‘s ghlacadar páirt sna himeachtaí éagsúla linn. Bhí deis iontach againne ár gceantar Ghaeltachta áitiúil a fheiscint ‘s canúint na háite a chloisint ‘s a fhoghlaim. Ghlacamar páirt i gcluichí, caithimh aimsire, rince ghaelach, turasanna ‘s go leor imeachtaí eile ‘s bhí deis iontach ag na páistí bualadh le daltaí ó Ghaelscoil eile ‘s cumarsáid a dhéanamh leo trí mheán na Gaeilge i modh taitneamhach. D’fhan na páistí i gColáiste na Rinne (ionad Gaeilge sa Rinn) ‘s bhí a gcuid béilte acu ann chomh maith. Chuamar ar turasanna timpeall an cheantair agus bhí na páistí an-thógtha lena nGaeltacht áitiúil!! Bhí an-spórt ‘s spraoi againn le daltaí Scoil na Leanaí chomh le muintir an Choláiste ‘s táimid ag súil go mór leis an turas ann an bhliain seo chugainn cheana féin!!

Scoil na gCeithre Máistrí – Bliots Lár Tíre 2010

Iúil 5, 2010

Ar an 17ú Meitheamh i mbliana, tháinig páistí rang a cúig agus rang a sé ó na gaelscoileanna lár tíre le chéile in Áth Luain chun páirt a ghlacadh i mbliots spóirt. Thart ar 170 páiste ar fad a bhí páirteach ann. Bhí páistí ó Ghaelscoil Longfoirt, Gaelscoil de hÍde, Ros Comáin, Gaelscoil an Eiscir Riada, Tulach Mhór agus Scoil na gCeithre Máistrí in Áth Luain páirteach ann.

Ghlac na páistí páirt i go leor comórtais. I measc na n-imeachtaí a bhí ar siúl, bhí peil Ghaelach, cispheil, snámh, cór, uni-hoc, iománaíocht, sacar, tráth na gceist bord, poc fada agus rás na gconstaicí. Chabhraigh daltaí meánscoile le réiteoireacht a dhéanamh ar na cluichí.

Míle buíochas do Chlub Sacair Átha Luain a chuir a bpáirc peile ar fáil don bhliots. Bhí lá spraíúil, spóirtiúil ag gach duine, idir páistí agus múinteoirí agus tá súil againn go mbeidh a leithead ann arís.

Gaelscoil de hÍde – Comórtas Iomána

Iúil 5, 2010

Bhí Comórtas Iomána trí Ghaeilge ag leibhéal na bunscoile i nGaelscoil de hÍde ar an 9 Meitheamh 2010. Bhí an comórtas in onóir Kyle Mhic Bhrain, mac léinn a bhí ar scoil ann ó 2000-2006. Ar an 7 Iúil, 2008, fuair Kyle Mac Bhrain bás go tobann ar chúrsa samhraidh i gCorr na Móna, Gaeltacht na Gaillimhe. Ag imirt iomána a bhí sé ag an am. Ghlac 6 scoil páirt ar an 9ú Meitheamh 2010 agus bhí lá iontach acu go léir.

Scoil Raifteirí – Tráth na gCeist

Iúil 1, 2010

Tháinig páistí sinsearacha ó Scoil Raifteirí, Gaelscoil na gCeithre Maol, Gaelscoil na Cruaiche agus Gaelscoil Uileog de Búrca le chéile i Scoil Raifteirí, Caisleán an Bharraigh, ar an 17ú Bealtaine 2010, chun tráth na gceist a dhéanamh.

gaelscoileanna-i-scoil-raifteiri

Cliceáil ar an ngrianghraf le leagan níos mó de a fheiceáil!

Gaelscoil Éadain Mhóir – Lá Spraoi

Meitheamh 17, 2010

Bhí lá iontach againn ag an lá spraoi. Bhain na páistí idir shult agus tairbhe as. Bhí na tuistí uilig páirteach ann fosta. Bhí rásaí againn, peil ghaelach, caisleán preabadh agus damhsa hip hop! Bhí sé ar dóigh. Go raibh míle maith agaibh as an tacaíocht.

Scoil Aonghusa – Comórtas Fichille 2010

Meitheamh 11, 2010

Fíor buíochas do gach duine agus gach scoil a glac páirt sa Comórtas Fichille ar an Céadaoin seo chuaigh thart (Meitheamh 2ú).

Seo iad na buaiteoirí:

1ú áit: Scoil Aonghusa (buanthrofaí fichille (www.shanehollanddesign.com)
2ú áit: Gaelscoil Mhoshíológ
3ú áit: Gaelscoil Bhriain Boroimhe

Ag súil é a dhéanamh arís an bhliain seo chugainn, coinigh súil ar www.ficheall.com.

Cailín is fearr: Sadhbh (bord 1) as Gaelscoil Bharra
Duais bhoird 1: Evan English (Scoil Aonghusa)
Duais bhoird 2: Micheál Ó Riain (Scoil Aonghusa)
Duais bhoird 3: Scoil an tSeachtar Laoch
Duais bhoird 4: Ewan Mac Ardle (Scoil Aonghusa)
Duais bhoird 5: Scoil an tSeachtar Laoch
Duaiseanna don Fadhbanna Fichille: (ar fáil ar www.ficheall.com : Fadhbanna Fichille 3)
1ú áit: Ewan Mac Ardle (Scoil Aonghusa, rang 6); Cian Ó Crualaíoch (Scoil Aonghusa, rang 4) (12/12)
2ú áit: Ross (Gaelscoil Bharra, rang 4); Sadhbh (Gaelscoil Bharra, rang 5); Ciara (Gaelscoil Bhriain Boroimhe, rang 5) (uile 11/12)

Na scoileanna:
Gaelscoil Bharra , Ascaill an Fhasaigh, An Chabrach, Baile Átha Cliath 7  (Cabra) (2 fhoireann)
Gaelscoil Bhriain Boroimhe, Seanbhaile, Coill na nÚll, Bóthar Chill Dhéagláin, Sórd, Co. Átha Cliath (Swords)
Scoil an tSeachtar Laoch, Bóthar Bhaile Munna, Baile Átha Cliath 11 (Ballymun)
Scoil Aonghusa, Geata an Domhnaigh, Droichead Átha, Co. Lú (Drogheda)
Gaelscoil Mhoshíológ, Bóthar Carn an Bhua, Guaire, Co. Loch Garman (Gory)

Gaelscoil Bharra – Cuairt ar Ghaelscoil Thiobraid Arann

Meitheamh 2, 2010

Thug Grúpa Cheoil Ghaelscoil Bharra, Cabrach cuairt ar dhaltaí agus a n-iarr mhúinteoir Eoghan Breathnach an seachtain seo caite i nGaelscoil Thiobraid Arann.

Stopamar ar an mbealach ag Caiseal, áit a fuaireamar turas suimiúil timpeall na hEaglaise. Ar aghaidh linn go Baile Thiobraid Árann agus bhí neart portanna, amhráin agus rince ag na páistí. Bhí ionadh an domhain ar pháistí Chabrach nuair a chonaic siad an foirgneamh galánta ag muintir Thiobraid Árann agus muid fós sna mbotháin!

Cluiche dhá leath a bhí ann sa pheil agus bhí an lucht féachana ag caitheamh a cheapairí ar an réiteoir! Chuamar i gcomhair béile blasta i chipper galánta sa sráidbhaile agus arais linn go Cabrach. Tá súil againn go mbeidh fás agus forbairt ar an nascadh idir an dá scoil amach anseo.

Gaelscoil Átha Í – Ceardlann Drámaíochta

Bealtaine 28, 2010

Ar an Déardaoin, 22 Aibreán, chuaigh Rang a Ceathair as Gaelscoil Átha Í go Ceatharlach chun bualadh le Ranganna a Ceathair i nGaelscoil Eoghain Uí Thuairisc. Socraíodh go mbeadh na ceardlanna drámaíochta ann i dtosach báire agus an dráma é féin mar an chuid deireanach den lá. Thógamar 18 linn agus bhí thart ar 60 páiste ann ó Cheatharlach. Roinneamar na gasúir i ngrúpaí 20 nó mar sin agus thosaigh siad ag cur aithne ar a chéile. Ba dheis iontach é seo dóibh aithne a chur ar ghasúir eile trí mheán na Gaeilge agus na spéiseanna agus dúil céanna acu. Cé go raibh cuid mhaith díbh cúthaileach ag an tús, níorbh fhada a mhair sé sin!

Nuair a tháinig muintir Bhranair, tosaíodh ar na ceardlanna éagsúla. Sna ceardlanna, labhraíodh ar chúpla ábhar:

  • Maistíneacht ar scoil, sa bhaile, srl.
  • Conas déileáil le maistín
  • Féin-mhuinín
  • Féiniúlacht
  • Gníomhaíochtaí comhoibritheacha

I ndiaidh am lóin, cuireadh an dráma i láthair agus b’iontach an léiriú é. Bhí an t-ábhar an-fheiliúnach do na gasúir agus so-thuigthe. Thaitin na carachtair leo agus thuig na gasúir cad as a bhí siad ag teacht. Úsáideadh an “stáitse” ar bhealach an-ealaíonta agus bhí go leor samhlaíochta ag teastáil le brí iomlán a bhaint as. Thaitin sé go mór leo uile agus ina dhiaidh, pléadh cuid de na heachtraí uaidh, rud a thug seans do na gasúir an bhrí a bhain siad féin as a chur in iúl.

Anuas ar ábhar an lae, ba sheans iontach é do na gasúir bualadh agus súgradh le gasúir ó Ghaelscoil eile agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh i ngnáthshuíomh sóisialta agus cairdeas a chothú idir an dá dhream. Lá fiúntach, tairbheach agus taitneamhach!

« Previous PageNext Page »