Folúntais in Institiúid Oideachais Marino, Baile Átha Cliath
Bealtaine 9, 2018
Tá dhá phost le Gaeilge ar fáil in Institiúid Oideachais Marino, Baile Átha Cliath:
Léachtóir Cúnta/ Léachtóir le Gaeilge (Gramadach, Litríocht agus Labhairt na Gaeilge)
Oifigeach Margaíochta/ Oifigeach Gaeilge
Breis eolais anseo
Folúntas: Post lánaimseartha mar Fheighlí Scoile – Gaelscoil Naomh Pádraig
Aibreán 19, 2018
Feighlí Scoile (lánaimseartha):
Cuireann Bord Bainistíochta Gaelscoil Naomh Pádraig fáilte roimh iarratais do phost mar Fheighlí Scoile (lánaimseartha).
Is féidir foirm iarratais a fháil ó: An Rúnaí, Gaelscoil Naomh Pádraig, Bóthar an Chaisleáin, Leamhcán, Contae Átha Cliath nó is féidir foirm a lorg tríd e-phost ag iarratas.gsnp@gmail.com
Ní ghlacfar le hiarratais níos déanaí ná 17:00 ar an 02/05/18
Glacfar le hiarratais a líontar amach ar foirm iarratais na scoile amháin.
Níl aon gá CV nó litir iarratais a sheoladh. D’fhéadfadh gearrliostú a bheith i gceist.
Beidh ar an té a cheapfar tabhart faoi ghrinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána.
Is fostóir comhionannais deiseanna í Gaelscoil Naomh Pádraig
Folúntais i nGaelcholáiste Dhoire
Aibreán 4, 2018
Is meánscoil lán-Ghaeilge nuabhunaithe é Gaelcholáiste Dhoire atá ar tí an ceathrú hiontógáil daltaí a ghlacadh isteach i Meán Fómhair 2018. Tá múinteoir sinsearach agus triúr múinteoirí á lorg ag Gaelcholáiste Dhoire le bheith mar chuid d’fhoireann dhíograiseach, dhinimiciúil agus spreagúil.
Gach eolas: Folúntais GCD 2018
Folúntas: Naíonra Bhríde, Baile Átha Cliath 6
Márta 27, 2018
Stiúrthóir Cúnta Naíonra ag teastáil:
Naíonra Bhríde, B.Á.C.6
Ní mór don iarrastóir:
Gaeilge líofacht (TEG); Íoschailíocht QQI leibhéal 5 i gCúram Leanaí;
Cúrsa Garchabhrach;
Taithí phraiticiúl i Naíonra agus grá don luathoideachas.
Eolas breise: naionrasinead@eircom.net
Rúnaí scoile á lorg ag Coláiste Muire, Tuar Mhic Éadaigh
Márta 13, 2018
Fáiltíonn Bord Bainistíochta Choláiste Muire, Tuar Mhic Éadaigh, scoil Gaeltachta roimh iarratais ó iarrthóirí oiriúnacha don phost seo a leanas:
Rúnaí Scoile
Is gá go mbeidh na riachtanais seo a leanas ag iarraitheoirí:
- Gaeilge líofa
- Ard scileanna ríomhaireachta
- Taithí ar leabharchoiméad agus cuntasaíocht riachtanach
- Taithí ar chóras cuntasaíocht ar nós SAGE 50 agus pacáiste párolla
- Ard scileanna idirphearsanta agus ard scileanna cumarsáide (scríofa & cainte)
- Ard scileanna eagrúcháin
- Toilteanas tabhairt faoi réimse leathan dualgais mar is gá
Ní mór duit CV, ainmneacha beirt mholtóir agus litir chlúdaigh a sheoladh ar ríomhphost chuig po@colaistemuire.eu nó chuig an seoladh thíos:
An Rúnaí,
Bord Bainistíochta,
Coláiste Muire,
Tuar Mhic Éadaigh,
Co. Mhaigh Eo
Ní ghlacfar le hiarratais níos déanaí ná 12.00in ar an 23/03/2018
- D’fhéadfadh gearrliostú a bheith i gceist.
- Beidh ar an té a cheapfar tabhairt faoi ghrinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána
- Is fostóir comhionannais deiseanna í Bord Bainistíochta Choláiste Muire.
Múinteoir naíonra de dhíth i Sord
Márta 6, 2018
Post: Múinteoir Naíonra
Uaireannta oibre: 25 uair sa tseachtain
Láthair: Sórd
Freagrachtaí Riachtanacha: Tá réamhscoil seanbhunaithe lán-Bhéarla ag lorg múinteoir naíonra don gnó rafar. Is gá go mbeadh ar a laghadh FETAC leibhéal 6 ag an t-iarrthóir toisc gur seomra ECCE a bheas i gceist anseo. Is gá le ardchumas Gaeilge agus bheith sásta agus toilteanach tabhairt faoi scrúdú TEG (atá ag an leibhéal céanna leis an Ardteist).
Is féidir tuilleadh eolais a fháil más gá. Is féidir do CV a sheoladh chuig sarahbreen@hotmail.com
Rúnaí Scoile á lorg ag Scoil Lorcáin
Márta 6, 2018
Tá Rúnaí Scoile á lorg ag Scoil Lorcáin, An Charraig Dhubh, Baile Átha Cliath le dul i mbun oibre 1/9/18. Ceapachán buan is ea é seo.
Uaireanta Oibre: 8.30 r.n. – 2.30 i.n. Luan go hAoine i rith na scoilbhliana, chomh maith le roinnt laethanta oibre i rith na laethanta saoire.
Scála Pá: bunaithe ar scála an Choiste Ghairmoideachais do Rúnaithe Scoile
Breis eolais: www.scoillorcain.ie
Fiosrúcháin agus Iarratais roimh 23/3/18 chuig: agallaimhscoillorcain@gmail.com
Folúntas: Rúnaí scoile de dhíth ó Choláiste Muire, Tuar Mhic Éadaigh
Feabhra 2, 2018
Fáiltíonn Bord Bainistíochta Choláiste Muire, Tuar Mhic Éadaigh, scoil Gaeltachta roimh iarratais ó iarrthóirí oiriúnacha don phost seo a leanas:
Rúnaí Scoile
Is gá go mbeidh na riachtanais seo a leanas ag iarraitheoirí:
- Gaeilge líofa
- Ard scileanna ríomhaireachta
- Taithí ar leabharchoiméad agus cuntasaíocht riachtanach
- Taithí ar chóras cuntasaíocht ar nós SAGE 50 agus pacáiste párolla
- Ard scileanna idirphearsanta agus ard scileanna cumarsáide (scríofa & cainte)
- Ard scileanna eagrúcháin
- Toilteanas tabhairt faoi réimse leathan dualgais mar is gá
Ní mór duit CV, ainmneacha beirt mholtóir agus litir chlúdaigh a sheoladh ar ríomhphost chuig po@colaistemuire.eu nó chuig an seoladh thíos:
An Rúnaí,
Bord Bainistíochta,
Coláiste Muire,
Tuar Mhic Éadaigh,
Co. Mhaigh Eo
Ní ghlacfar le hiarratais níos déanaí ná 12.00in ar an 16/02/2018
- D’fhéadfadh gearrliostú a bheith i gceist.
- Beidh ar an té a cheapfar tabhairt faoi ghrinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána
- Is fostóir comhionannais deiseanna í Bord Bainistíochta Choláiste Muire.
Folúntas: Riarthóir á earcú ag Gaeloideachas (Athfhógairt)
Eanáir 19, 2018
Athfhógairt: Riarthóir Oifige á eacrú ag Gaeloideachas
Duine fuinniúil agus cumasach le sárscileanna idirphearsanta agus cumarsáide, maraon le hardchaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa atá de dhíth chun obair oifige Gaeloideachas a riar.
Baineann obair Gaeloideachas le cur chun cinn an Tumoideachas/Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge.
Scála Tuarastail: 22/2017 Oifigeach Cléireachais, €23,107 – 38,724
Conradh 3 Bliana
Foirm iarratais móide sainchuntas poist le fáil trí ríomhphost a chur ag foluntais@gaelscoileanna.ie nó trí ghlaoch ar 01 8535190.
Spriocdháta le haghaidh iarratais comhlánaithe: Meán lae Déardaoin, 1 Feabhra 2018
Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta seo.
Folúntas: Oifigeach Riaracháin in Institiúid Oideachais Marino, Baile Átha Cliath
Eanáir 18, 2018
Gach eolas anseo