Méid an Téacs

Stiúrthóir cúnta ag teastáil do Naíonra Shliabh Rua, Baile Uí Ógain, B.Á.C 18

Eanáir 18, 2018

Stiúrthóir cúnta ag teastáil do Naíonra Shliabh Rua, Baile Uí Ógain, B.Á.C 18

Riachtanais:

  • Cumas faoi leith ag obair le leanaí óga
  • Scileanna cumarsáide láidre
  • Gaeilge líofa (Leibhéal TEG B2 labhartha molta http://www.teg.ie/_fileupload/syllabi/B2_syll.pdf)
  • NFQ Leibhéal 5 nó 6 i gCúram Leanaí
  • Traenáil gharchabhrach
  • Traenáil um chosaint leanaí

Iarratais:

Litir iarratais agus CV le hainmneacha bheirt mholtóra le seoladh faoin Aoine, 19 Meitheamh 2015, le “Folúntas – Naíonra” scríofa mar theideal ar ríomhphost chuig Lucilita , naionra_sliabh_rua@yahoo.ie

nó Naíonra Shliabh Rua, Bóthar Baile Uí Ógáin, Baile Átha Cliath 18

Tuilleadh eolais ar fáil ó Lucilita: 086 867 4542

Folúntas i Naíonra Mológa Teo

Eanáir 3, 2018

Bóthar Thigh Chláir
BÁC 6W

Dáta tosaithe 8/01/2018

Post 1
Stiúrthóir Cúnta bhreise mar atá ceadaithe ag AIM.
10 n-uaire in aghaidh na seachtaine.

Post 2
Stiúrthóir Cúnta sa Seomra ECCE.
15 uair in aghaidh na seachtaine.

Freagrachtaí

  • Ag obair le páistí sa seomra ECCE, taobh le foireann an Naíonra.
  • Cinntiú go bhfuil ardchaighdeán cúraim, oideachais, sábháilteachta agus folláine do na páistí a fhreastalaíonn ar an tseirbhís.
  • Curaclam a fhorbairt agus a phleanáil atá ceangailte le prionsabail agus téamaí Aistear i gcomhpháirt le bail foirne eile.

Cáilíochtaí

  • Líofacht sa Ghaeilge .
  • Fetac leibhéil 5/6 sa Luathoideachas/Cúram leanaí
  • Taithí ar a bheith ag obair i suíomh Luathoideachas.
  • Taithí bheith ag obair mar bhaill foirne.

Déan teagmháil le:
Deirdre Ní Chuilinn 0872495485 / dnichuilinn@gmail.com

FOLÚNTAS: Riarthóir Oifige, Gaeloideachas

Nollaig 12, 2017

gaeloideachas-logo-300x67

Riarthóir Oifige

Conradh 3 Bliana

Duine fuinniúil agus cumasach le sárscileanna idirphearsanta agus cumarsáide, maraon le hardchaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa atá de dhíth chun obair oifige Gaeloideachas a riar.

Baineann obair Gaeloideachas le cur chun cinn an Tumoideachas/Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge.

Scála Tuarastail: 17/2015 Oifigeach Cléireachais, €21,879 – €37,341

Foirm iarratais móide sainchuntas poist le fáil trí ríomhphost a chur ag

foluntais@gaelscoileanna.ie nó trí ghlaoch ar 01 8535190.

Spriocdháta le haghaidh iarratais comhlánaithe: Meán lae Déardaoin, 21 Nollaig 2017

 

Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta seo.

www.gaelscoileanna.ie

Foras na Gaeilge logo

FOLÚNTAS: Stiúrthóir Naíonra

Nollaig 8, 2017

Tá Naíonra Ghaelscoil De hÍde ag lorg iarratais do phost mar Stiúrthóir Naíonra.

Ag teastáil

·         Tá líofacht Gaeilge riachtanach don phost seo.

·         Cáilíochta ar a laghad leibhéal 8 i gCúram Leanaí a bheith acu,

·          Taithí a bheith acu ag obair le páistí faoi cúig bhliana d’aois.

DÁTA TOSAITHE: 8 Eanair 2018

 Má tá suim agat sa phost sheol litir Iarratais agus CV chuig naionraghaelscoildehide@gmail.com.

 

Naíonra Ghaelscoil de hÍde.

Ard na Mara, Uarán Mór, Gaillimh.

E-phost naionraghaelscoildehide@gmail.com

Folúntas i Naíonra Cholmcille, f/ch Scoil an Duinnínigh, Bóthair Faoldroma, Draighneán, Sord, Co. Baile Átha Cliath

Deireadh Fómhair 27, 2017

sdf

Stiúrthóir cúnta breise á earcú ag Naíonra Cholmcille mar atá ceadaithe ag AIM

15 uair in aghaidh na seachtaine

Ag tosnú comh luath agus is féidir (tar éis seiceáil Gardaí) go dtí 29 Meitheamh 2018

 

Ag teastáil:

  • Cáilíocht Fetac ag Leibhéal 5 nó 6 in Oideachas Luathbhlianta/Cúram Leanaí
  • Taithí bheith ag obair i suíomh cúram leanaí
  • Scileanna maithe eagrúcháin agus foirne
  • Caighdeán maith Gaeilge labhartha
  • Tuiscint ar Aistear, Síolta agus ar Churraclaim Luathfhoghlama

Má tá suim agat sa phost, cuir cóip de do CV chuig naionracholmcille@gmail.com roimh 17 Samhain 2017.

Tá CNCM ag lorg iarratais ar phost mar Oifigeach Oideachais do Theanga, Gaeilge Bunscoile:

Deireadh Fómhair 26, 2017

Cliceáil ar na naisc thíos chun:

An Próiseas Iarratais

Chun iarratas a dhéanamh, comhlánaigh an fhoirm um chlárú earcaíochta agus seol an fhoirm iarratais ar ríomhphost chuig recruitment@ncca.ie ionas go mbeidh sí againn tráth nach déanaí ná 12 meán lae, Dé Mairt, an 7 Samhain 2017.

Má theastaíonn uait aon cheann de na poist a phlé, seol ríomhphost chuig recruitment@ncca.ie chun coinne a eagrú le comhalta foirne cuí.

Folúntas: Ionadaí ag teastáil i nGaelcholáiste Dhoire láithreach

Deireadh Fómhair 24, 2017

GAELCHOLÁISTE DHOIRE, DÚN GEIMHIN

Teastaíonn ionadaí láithreach bonn go ceann tamaill ó Ghaelcholáiste Dhoire, Dún Geimhin, Contae Dhoire sna hábhair ghinearálta .i. na healaíona, drámaíocht, FSO etc. Glaoigh ar an phríomhoide sa choláiste ag 028 7774 1015 nó cuir rphost chuig info@gcd.doire.ni.sch.uk

Folúntas: Múinteoir Tacaíochta á fhostú ag Gaelscoil Uí Earcáin, Baile Átha Cliath 11

Deireadh Fómhair 24, 2017

Dáta Deiridh d’Iarratais: 1 Samhain 2017

Seol iarratais chuig:

An Cathaoirleach, Gaelscoil Uí Earcáin, Fionnghlas, Baile Átha Cliath 11

Sonraí Teagmhála: 018643544 nó priomhoideleah@gmail.com

Suíomh Idirlín: www.gsue.ie

Breis eolais anseo: http://www.educationposts.ie/post/view/94856.pdf

Folúntas san Áisaonad (Coláiste Mhuire)

Deireadh Fómhair 11, 2017

aisa

Tá Comhairleoir Oideachais de dhíth ar an Áisaonad i gColáiste Mhuire don tréimhse go dtí 30 Meitheamh 2018.

Is saininstitiúid ardoideachais ardfheidhmíochta é Coláiste Mhuire atá

bunaithe ar chreideamh, sa traidisiún Caitliceach, agus tá comhsholáthar acadúil aige le hOllscoil na Ríona, Béal Feirste. Tá daoine leis an taithí chuí agus atá spreagtha á lorg aige le bheith mar bhaill den fhoireann le cur le rath an choláiste san am atá le teacht. Mar chúiteamh, tairgeann Coláiste Mhuire tuarastal agus coinníollacha tarraingteacha, ballraíocht i scéim pinsean sochar sainithe (TPS) agus teidlíocht saoire fhlaithiúil.

 Comhairleoir Oideachais 

£37,706 – £50,618 comhlán sa bhliain. Ceapfar an t-iarratasóir a n-éireoidh leis ar bhonn téarma sheasta go dtí 30 Meitheamh 2018. Cuirfear iarratasóirí a bhfuil deis téarma iasachta á lorg acu san áireamh.

Íoslódáil paca eolais ó http://www.smucb.ac.uk/employment/ le tuilleadh eolais faoin ról, critéir roghnúcháin agus foirm iarratais a fháil. Nó iarr paca eolais ag recruitment@smucb.ac.uk nó trí ghlao gutháin a chur ar 028 9026 8207. Ní mór iarratais a bheith againn tráth nach moille ná 12 meán lae, Dé Céadaoin, 18 Deireadh Fómhair 2017. Glacfaidh an Coláiste le foirmeacha iarratais a chuirfear trí ríomhphost.

Is Fostóir Comhdheiseanna é Coláiste Ollscoile Naomh Muire agus cuireann sé fáilte roimh iarratais ó gach cuid den phobal, go háirithe iad siúd atá faoi mhíchumas. Faoi láthair, tá tearcionadaíocht ag an phobal Phrotastúnach i measc na foirne. Mar sin de, chuirfí fáilte ar leith roimh iarratais ón chuid seo den phobal.

 

FOLÚNTAS: Post Fraincise, An Cheathrú Rua, Co.na Gaillimhe

Deireadh Fómhair 10, 2017

Múinteoir Fraincise ag teastáil

Scoil Chuimsitheach Charáin, An Cheathrú Rua, Co.na Gaillimhe

22 uair an chloig Fraincis

Múinteoir ag dul ar iasacht poist

Tel.087-6217841

« Previous PageNext Page »