Text size

Aoife Ní Bhuachalla sna Craobhacha Domhanda, Rince Gaelach

April 18, 2017

Is dalta Idirbhliana i gColáiste de hÍde agus Rinceoir Gaelach ar chaighdeán domhanda í Aoife Ní Bhuachalla, ar éirigh leí le déanaí dul tríd go Craobhacha Domhanda a bheidh i nGlascó 2018. Is éacht faoi leith í seo atá déanta ag Aoife agus tá an-bhród ar Cholaiste de hÍde. Comhghairdeas leat Aoife agus le do chlann uilig.

Seasann Aoife mar uimhir a chúig déag sa domhain anois, mar uimhir a naoi in Éirinn agus uimhir a dó i gCúige Laighean. D’éirigh léi áit a fháil ar scoil Samhraidh Riverdance i mbliana! Damhsaíonn Aoife le scoil damhsa Elaine Kavanagh as Arsa Chrónáin, Cluain Dolcain.