Text size

Baile Úrnua ag Coláiste Oiriall

April 19, 2013

Tá gach duine i gColáiste Oiriall, Gaelcholáiste baile Mhuineacháin, ar bharr na gaoithe agus iad i ndiaidh bogadh anonn trasna an bhaile mhóir chuig á mbaile nua ar Champas Oideachais Mhuineacháin i mbaile fearainn Cnoc an Chonnaidh ar Bhóthar Ard Mhacha. I gcuideachta nuathógáil Ghaelscoil Ultain, is é an campas seo an rud is mó riamh a thug spreagadh don Ghaeilge i Muineachán.

Is foirgneamh trí stór é an scoil scothúr seo againn ina bhfuil an chuid is fearr de na saoráidí atá ar fáil.  Le hais Choláiste Oiriall tá Halla Spóirt lánmheide ina bhfuil dhá sheomra corpacmhainne agus tá Amharclann nua an Gharáiste go díreach ar leac an dorais acu fosta.  Tabharfaidh an foirgneamh nua seo ardú mór meanma do gach duine a thig ina chóir, idir dhaltaí, mhúinteoirí, thuismitheoirí agus chuairteoirí.

Tá cóiríocht Choláiste Oiriall leagtha amach thar na trí hurláir i bhfoirgneamh arb é 4,000m2 a achar iomlán.  Le cois na cóiríochta úire seo tá ceithre chúirt peile ann agus, dá gcuirfí le chéile iad, bheadh siad chomh mór le páirc lánmhéide.  Tá Páirc Phronntaigh lánmheide acu fosta agus líontán thart timpeall uirthi.  Is é atá i Halla Spóirt Barry McGuigan spás dúbailte in airde a bhfuil a aghaidh ar an phríomhbhóthar agus seomraí feistis agus seomraí aclaíochta ar an taobh thoir thuaidh den fhoirgneamh.

Tá na saoráidí seo a leanas acu i gColáiste Oiriall: dhá shaotharlann eolaíochta, dhá Ríomharlann, sainseomraí lánfheistithe Eacnamaíocht Bhaile, Ealaíne, Ceoil,  Adhmadóireachta, Innealtóireachta agus Grafaicí, roinnt seomraí ginearálta, oifigí tréadchúraim, oifig shéiplínigh, seomra comhdhála, leabharlann, seomra taispeántais/léirithe, seomra agus oifig Treoirghairme, seomra agus oifig Tacaíocht Foghlama, seomra Urnaí, stóras leabhar, seomra Garchabhrach, oifig ghinearálta, seomra caidrimh do dhaltaí agus ceaintín.  Tá siad millte ar fad.  “Níl cleachtadh againn ar ghalántacht den sórt seo ná fairsinge ná scotháiseanna ach beimid ag dul i dtaithí orthu sin ar fad feasta”, a deir an Príomhoide, Brendan ó Dufaigh.

Is mian leo uilig i gColáiste Oiriall á mórbhuíochas a chur in iúl don Uas. Máirtín Ó Brien, PF. CGO Cho. Mhuineacháin a raibh an aisling aige agus a thug chun críche í in achar an-ghearr ar fad.  Bhí an aisling chéanna againn féin leis agus anois ó tháinig ann di tá siad chun lántairbhe a bhaint aisti. Tá díograis thar na bearta, ráta oibre gan a mhacasamhail agus cur chuige mionchúiseach aige i leith an tionscadail a leanann ar aghaidh gan stad gan staonadh.  Togha fir!

Léargas Ginearálta ar an Champas
Tá fána de chóir a bheith naoi méadar ar Champa Oideachais Mhuineacháin é féin ón choirnéal thoir thiar go dtí an coirnéal thoir theas i bhfiarlíne trasna an tsuímh – b’ionann sin agus teach mór trí stór.  Tá dhá phríomhghné ag baint leis an suíomh: an N12 ar phríomhbhóthar náisiúnta é agus ar chúl an tsuímh Gleann na hAbhann Móire agus Canáil Uladh.

A bhuíochas don timpeallán nua os comhair nuamhonarcha MTec is féidir le lucht úsáidte an champais teacht agus imeacht go slán saoráideach.  Tá dearadh ar leith ar an bhóthar rochtana a éascaíonn saorghluaiseacht chun an tsuímh do roinnt carranna sa dóigh nach mbíonn brú ar bith tráchta ar an N12.  Síneann an bóthar nua amach thar chúl an tsuímh agus géaga réidhe amach as ar fhad an tsuímh i dtreo na bhfoirgneamh éagsúil agus na gcarrchlós atá ann feadh an bhóthair.  Mar gheall ar an leagan amach ar leith seo tá spás le haghaidh suas le 12 bhus chun daltaí a ligean amach go sábháilte ag an scoil.  Stadann na busanna ar thaobh na láimhe clé den bhóthar sna sain-leataobhanna páirceála.  Téann na daltaí amach agus ansin gluaiseann na busanna (agus an trácht eile ar fad) go dtí an timpeallán ag barr an tsuímh mar ar féidir leo tiontú amach go sábháilte agus imeacht leo.

Ba é an cur chuige a bhí ag na hailtirí agus iad ag dul i gceann an deartha agus lonnú na bhfoirgneamh gan na cairn mhóra cré a bhí ann a aistriú amach as an suíomh ach ina áit sin buntáiste a bhaint as na leibhéal nádúrtha a bhí ann chun sraith ardchlár nó ardáin a chruthú ag leibhéil dhifriúla de réir mar a bhogfá suas an suíomh ón timpeallán.  Iarrtar ar thuismitheoirí agus ar chuairteoirí go ginearálta bheith an-airdeallach agus foighneach agus iad ag tarraingt ar an scoil go dtí go n-éireoidh siad níos eolaí ar leagan amach an champais.
Foramharc ar na Foirgnimh

Is í Gaelscoil Ultain an chéad fhoirgneamh ar do lámh chlé i ndiaidh duit casadh isteach ar an suíomh.  Is foirgneamh 16 sheomra é ina bhfuil Halla Ilfhóinteach, Halla EmmaSinead, agus cóiríocht choimhdeach.  Tá a carrchlós féin aici agus crios tuirlingthe daltaí chomh maith le hionaid shúgartha, áit súgartha uathúil ar bharr dín, cúirteanna peile agus áit stad busanna ag an suíomh seo.  Is struchtúr dhá stór é go bunúsach an foirgneamh ach tá an chóiríocht socraithe ar thrí urlár de bharr na fána.  Is 2,500m2 achar iomlán an tsuímh.

Is  í an Institiúid Bhreisoideachais an foirgneamh is mó ar an suíomh– foirgneamh ina bhfuil spás do 700 mac léinn.  Cuireadh os cionn 200 spás páirceála cairr ar fáil le freastal orthu.  Tá an chóiríocht seo ina bhfuil chóir a bheith 7,000m2 leagtha amach go suntasach thar thrí urlár in dhá bhloc scartha atá nasctha le spás aitriam gloinithe.  Tá seacht saotharlann ilmheáin ann agus tá a gcuid áiseanna den scoth inchurtha le cuid institiúid tríú leibhéal ar bith sa réigiún.

Tá an Lár ionad Fuinnimh don champas suite i bhfoirgneamh Institiúid Mhuineacháin.  Ionchorpraíodh fiontair fuinnimh inbhuanaithe tríd an tógáil ar fad.  Tá an campas á chumhachtú ag bruthaire bithmhaise agus cuireadh isteach córas bailithe uisce sa dóigh go mbeidh an leithris á sruthlú le huisce fearthainne stóráilte.

Tá Amharclann an Gharáiste lonnaithe ar shuíomh feiceálach le hais an bhóthair rochtana i dtreo an phointe is airde ar an suíomh.  Coinníonn an amharclann suas le 300 patrún de lucht féachana.   Tá an suíochánra intarraingthe siar ionas gur féidir úsáid eile a bhaint as spás an phríomh-halla éisteachta mar ionad dearadh seite agus léiriú scannáin.  Laistigh den fhoirgneamh seachas an phríomh-halla éisteachta tá spás mór cleachtaidh ann, seomraí feistis, seomra comhdhála agus beár le haghaidh deochanna le linn sos an phríomhléirithe.  Is struchtúr dhá stór é seo go bunúsach le hachar iomlán de 1,500m2.

Ba é Sisk agus a Mhac Teo. príomhchonraitheoir an togra, ba iad Opperman agus a Chomhaltaí na hailtirí, ba iad Stiúrthóirí Leading Edge Directors bainisteoirí an tionscnaimh, ba iad Suirbhéirí Mhig Eacháin, Dún Dealgan na Suirbhéirí Cainníochta agus ba iad Comhairleoirí Uí Mhaoileáin na hInnealtóirí Struchtúr.  Rinne na comhlachtaí seo sárobair ó thús go deireadh agus tá muintir Mhuineacháin iontach buíoch dóibh.  Seo an togra tógála oideachais is mó riamh sa chontae nó in aon chontae eile in aice linn.

Grianghraf: Foirgneamh úrnua an Halla Spóirt, a úsáideann Coláiste Oiriall, atá mar chuid de Champas nua Oideachais Mhuineacháin faoi stiúir an Choiste Gairmoideachais