Text size

Bord nua an Údaráis

November 29, 2012

Tá Dairíona Nic an Iomaire, Príomhoide Ghaelscoil Mhic Amhlaigh, Cnoc na Cathrach ainmnithe ar Bhord nua Údarás na Gaeltachta, Bord a d’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Dinny McGinley T.D., an tseachtain seo caite.

Is í Anna Ní Ghallchóir, Stiúrthóir ar Ionad na dTeangacha in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, atá ceaptha ina Cathaoirleach ar an mbord mar aon lena comhaltaí seo leanas: Seán Ó Cuireán bainisteoir ar ionad saorálaí Dhún na nGall; Dairíona Nic an Iomaire, Príomhoide Ghaelscoil Mhic Amhlaigh; Eunan Mac Cuinneagáin, Bainisteoir Réigiúnach ón gCarraig i gContae Dhún na nGall; Fiachra Ó Céilleachair ón Rinn i gContae Phort Láirge; Mícheál Ó Scanaill, fear gnó ó Bhaile Bhúirne i gContae Chorcaí agus Pádraig Ó hAinifín, fear gnó ón Daingean, Co. Chiarraí.

Ceapadh ceathrar comhalta ar ainmniúcháin Comhairlí Contae a bhfuil ceantair Ghaeltachta ina ndlínse. Ina measc tá Cathal Seoighe, Comhairle Contae na Mí; Ian Mac Aindriú, Comhairle Contae Mhaigh Eo; Séamus Chosaí Mac Gearailt, Comhairle Contae Chiarraí agus Seosamh Ó Laoi, Comhairle Contae na Gaillimhe. Níor ainmníodh comhalta Chomhairle Contae Dhún na nGall go fóill toisc go bhfuil próiseas fiosrúcháin ar siúl faoin ainmniúchán sin.

www.advertiser.ie/galway

Foilsithe ar 29 Samhain 2012