Text size

Comhdháil-Ag Treorú na Foghlama sa Ghaeloideachas

March 21, 2017

Fáilteofar roimh pháipéir thaighde ar ghné ar bith den Ghaelscolaíocht, lena gcur i láthair ag Comhdháil ar an Ghaeloideachas i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, 3 Bealtaine 2017.

Is é treorú na foghlama sa Ghaeloideachas téama na comhdhála. Is tríd an taighde reatha agus an taithí ghairmiúil a léireofar an treorú sin. Meastar go mbeidh suim ag cleachtóirí, ceannairí, taighdeoirí agus lucht pleanála sa chomhdháil.

Más mian leat cur i láthair a mholadh don chomhdháil, iarrtar ort achoimaireacht 250 focal a chur chuig an seoladh thíos faoi 24 Feabhra 2017:

comhdhail@smucb.ac.uk

Fóram mac léinn
Reáchtálfar ceardlann do mhic léinn taighde mar chuid den chlár. Más suim leat cur i láthair a bhunú ar thaighde máistreachta nó dochtúireachta, iarrtar ort sin a chur in iúl le d’achoimaireacht, le do thoil.

Cur i láthair
Mairfidh gach cur i láthair 15 nóiméad agus fágfar 15 nóiméad do phlé ina ndiaidh.

Páipéir
Ba mhaith leis an ITOL rogha páipéar ón chomhdháil a fhoilsiú ar Taighde agus Teagasc 7. Iarrfar cóip de pháipéir (6000 focal) faoi 13 Aibreán 2017.