Text size

Cosaint Gaelscoileanna na tíre

April 18, 2013

Ritheadh rún éigeandála ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge le déanaí ag iarraidh ar an Rialtas gan cur isteach ar pholasaí iontrála na nGaelscoileanna agus na nGaelcholáistí ó thaobh chúlra Gaeilge na dtuismitheoirí nó na ndaltaí de.

Bhí an rún éigeandála seo bunaithe ar thuairimí a foilsíodh sna meáin chumarsáide maidir le dearcadh an Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn, i dtaobh pholasaí iontrála scoileanna. Tá ráiteas an Aire maidir le cleachtas rollacháin na scoileanna lán-Ghaeilge cáinte freisin ag an eagraíocht Gaelscoileanna agus léiríonn siad díomá faoi mhíchruinneas ráiteas an Aire. De réir na tuairisce, mhaígh an tAire go bhfuil próiseas rollacháin i bhfeidhm i nGaelcholáistí áirithe sa tír ina ndiúltaítear d’iarratas ó dhaltaí mura bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga an teaghlaigh. Cáineadh an cleachtas seo agus tuairiscíodh go bhfuil i gceist ag an Roinn Oideachais córas aonchineálach amháin do gach cineál scoile a chur i bhfeidhm mar chuid de dhréacht-bhille nua amach anseo.

Tá bunús taighde ráiteas an Aire ceistithe ag Uachtarán Gaelscoileanna Teo., Máirín Ní Chéileachair, agus tá molta aici “go mbeadh sé níos réadúla breathnú ar bhunús na faidhbe seo, is é sin nach bhfuil an soláthar ag teacht leis an éileamh. Dá ndéanfaí freastal cuí ar an éileamh suntasach atá ann do scoileanna lán-Ghaeilge ní bheadh reachtaíocht de dhíth ar an gceist seo.

www.advertiser.ie/galway

Foilsithe ar 18 Aibreán 2013

Galway Advertiser – Lár Sráide – Peadar Mac Fhlannchadha