Féile an Fhómhair ag ceiliúradh na timpeallachta
October 9, 2012
Tá an fómhar buailte linn agus déanfar céiliúradh ar an séasúr álainn seo thar ocht lá i rith Fhéile an Fhómhair i gCeatharlach. Mar is gnáthach tá clár lán d’imeachtaí dhátheangach eagraithe don fhéile le ceol, sean-nós, scannáin, drámaíocht, puipéadóireacht, scéalaíocht, amhránaíocht, ceardlanna ealaíne, taispeántais, siúlóidí agus níos mó fós a leanfaidh ó 11ú go 18ú Deireadh Fómhair.
Le téama an fhómhair ag gabháil tríd an bhféile bhliantúil seo, is tráthúil go gcuirfear tús leis na himeachtaí ar Lá Náisiúnta na gCrann. Moltar do ghach éinne, idir óg agus fásta, cuairt a thabhairt ar an bhforaois, siúl sa choill nó fiú an t-am a ghlacadh chun áilleacht na gcrann agus dathanna an nádúir mórthimpeall orainn a thabhairt faoi deara. Ag leanúint le téama na timpeallachta beidh an taispeántas “Ainmhithe an Fhómhair” ar crochadh i Leabharlann an Chontae i rith na féile agus eagrófar cúpla ceardlann ealaíne dar teideal “Dathanna an Fhómhair” sa leabharlann chomh maith. An timpeallacht a bheidh san áireamh freisin ag an deireadh seachtaine siúlóide eagraithe i gcomhar le Cumann Turasóireachta Cheatharlach.
Beidh fáilte roimh an chlann go léir ag an Tóraíocht Taisce dátheangach sa Pháirc Darach ar an Satharn ag 2.00i.n. agus ar an Domhnach eagrófar Picnic na dTeidí Béar i bPáirc an Bhaile. Beidh rogha eile ann áfach dóibh siúd nach maireann i saol na dteidí béar a thuilleadh agus Siúlóid Cois Bearbha ó Dhroichead Áth an Mhuilinn go Baile Cheatharlach ar an gclár. Beidh ranganna sa rince sean-nóis leis an sár-rinceoir Liam Ó Scanláin ar an Satharn san Ostan Seven Oaks agus beidh fáilte roimh óg agus fásta. Táille ná €5.
Níl aon ghanntanas d’imeachtaí do scoileanna ar chlár Fhéile an Fhómhair idir Spraoicheist, Tráth na gCeist, Gearrscannáin Ghaeilge agus ceardlanna ealaíne. Leireofar seó puipeadóireachta as Gaeilge i Halla na Gaelscoile. Tá gach eolas seolta chuig scoileanna uile an chontae agus iarrtar ar mhúinteoirí clárú gan mhoill.
Beidh Spraoi ann maidin Shathairn don ghrúpa Tuistí agus Leanaí agus i gcomhar le Comhluadar Teoranta eagrófar ceardlann dar teideal “Dátheangach Ó Thús” chun lámh chúnta agus moltaí a thabhairt do thuismitheoirí gur mhian leo Gaeilge a labhairt lena bpáistí sa bhaile. Is ar an Déardaoin, 11 Deireadh Fómhair, ag 7.30i.n. san Ostan Seven Oaks a bheidh an ceardlann seo ar siúl. Cead isteach saor agus fáilte roimh chách. Clár lán, éagsúil agus taitneamhach a mhairfidh thar ocht lá. Is cinnte go bhfuil rud nó dhó ann do chuile dhuine. Tá an clár ar fáil go forleathan agus is féidir teacht air ar www.glorcheatharlach.ie ar leathanach na bhféilte.
Tá gach eolas faoi Fhéile an Fhómhair ar fáil ó oifig Ghlór Cheatharlach, Sráid an Choláiste, Ceatharlach ar 085 1340047 , 087 2857048 nó seol ríomhphost chuig emma@glorcheatharlach.ie.
“Bodach an Chóta Lachna” léirithe ag Fíbín
Is iontach an nuacht í go mbeidh an Comhlacht Náisiúnta Drámaíochta FÍBÍN i gCeatharlach mar chuid d’Fhéile an Fhómhair chun dráma do pháistí a léiriú in Amharclann G.B. Shaw ar an Déardaoin, 11 Deireadh Fómhair ag 10.30r.n.. Is é “Bodach an Chóta Lachna” an dráma agus é bunaithe ar sheanscéal ó shraith na bhFianna. Beidh gach gnáth ghnéith de léiriúcháin Fíbín le feiceáil sa léiriú áirithe seo le mascanna, puipéadóireacht, fisiciúlacht agus don chéad uair riamh, beidh gnéithe ardtheicneolaíochta á n-úsáid. Is mion-thaispeántas agus mór-thaispeántas atá ann ag an am céanna, agus an lucht féachana ag leanacht an rása finscéalach trasna na hÉireann. Rás idir an t-aclaí is crógaí ó na Fianna agus an prionsa Gréigeach santach atá ag cuartú cíosa ó mhuintir na hÉireann.
Beidh nascadh idir chlóca ollmhór an Bhodaigh agus topagrafaíocht tír-raon ársa na hÉireann, fhad is atá ar an dá reathaí mhisniúil sléibhte, locha, scabhaitéirí, ainmhithe fiáine a sharú, agus gan géilleadh do chathú an bhanphrionsa trioblóideach, ina gcuid iarrachtaí Éirinn a rialú. Athróidh an clóca an stáitse go draíochtúil go spás drámatúil a léireoidh, go réadúil agus go meafarach, tírdhreach agus cóiréagrafaíocht an rása finscéalach seo chun Éirinn a shábháil. Tá gach eolas le léamh faoin gComhlacht FÍBÍN ar www.fibin.com.
Tá “Bodach an Chóta Lachna” oiriúnach do pháistí í rang a trí go sé agus tá praghas spéisialta do scoileanna ach caithfear áiteanna a chur in áirithe gan mhoill le Glór Cheatharlach ar 085 1340047.
Sean-Nós na Féile
Is iontach an tsuim atá ag daoine ó cheann ceann na tíre sa rince sean-nóis i láthair na huaire agus is iomaí rang agus cúrsa a reachtáiltear in ionaid éagsúla chun freastal ar an éileamh dochreidte. Cuireadh tús le cúrsa sé seachtaine i gCeatharlach an tseachtain seo caite agus tá fáilte roimh dhaoine nua a bheith páirteach. Is í an rinceoir cáiliúil Irene Cunningham as Conamara an teagascóir. Dírithe ar thosaitheoirí d’éirigh le Irene na bunchéimeanna a mhúineadh gan móran dua. Tá idir spiorad agus spraoi ag baint leis na ceachtanna atá ar siúl i nGaelcholáiste Cheatharlach gach Máirt ag 7.00i.n.
Tá an-áthas ar Fhéile an Fhómhair a fhógairt go bhfuil socruithe déanta chomh maith chun a thuilleadh ranganna sa sean-nós a thairiscint. D’aon lá amháin ar an Satharn, 13ú Deireadh Fómhair, beidh ceardlanna sa sean-nós ar siúl faoi stiúir an rinceora Liam Ó Scanláin. Beidh sé seo an-áisiúil dóibh siúd nach mbíonn saor chun freastal ar ranganna oíche i rith na seachtaine agus cuirfear fáilte roimh gach éinne idir pháistí agus daoine fásta.
Beidh na ceardlanna ar siúl ag 11.00r.n. agus ag 2.30i.n. ins an Ostán Seven Oaks. €5 táille gach seisiún agus beidh lacáiste do theaghlach. Is féidir clárú ar 087 2857048 nó ar an lá. Bí ann agus beir do bhróga rince leat!
www.carlow-nationalist.ie
Foilsithe ar Gaelport.com – 9 Deireadh Fómhair 2012