Féilte leabhar le léitheoirí nua a spreagadh
December 5, 2012
Beidh Berní Ní Chuinn ag cur na scríbhneoirí Pádraic Breathnach agus Caitríona Hastings faoi agallamh ag lón liteartha i Músaem Cathrach na Gaillimhe, Dé hAoine, idir 1pm agus 2pm.
Is mar chuid de shraith fhéilte leabhar a bheidh an ócáid ar siúl. Le cois an agallaimh, beidh seisiún maidine ann ina mbeidh na scríbhneoirí Patricia Forde, Mícheál Ó Ruairc agus Bridget Bhreathnach páirteach.
Tabharfaidh Orna Ní Choileáin, údar Ailfí agus an Vaimpír, ceardlann ar chúrsaí pinn fosta agus beidh deis ag daoine leabhair Caitríona Hastings a bheidh ag caint i nGaillimh Dé hAoine cheannach le linn an lae.
Beidh imeachtaí eile ar siúl ag Gael Taca i gCorcaigh seachtain ón lá inniu agus sa Rowan Tree Café, Inis, seachtain ón Aoine. Eolas: sm@mitchellkane.co.uk
www.irishtimes.com
Foilsithe ar 5 Nollaig 2012