(Gaeilge) Folúntais do Mhí Mheán Fómhair 2017
April 12, 2017
Gaelcholáiste Dhoire
Is meánscoil lán-Ghaeilge nuabhunaithe é Gaelcholáiste Dhoire atá ar tí an tríú hiontógáil daltaí a ghlacadh isteach i Meán Fómhair 2017. Tá ceathrar múinteoirí agus cúntóir ranga á lorg ag Gaelcholáiste Dhoire le bheith mar chuid d’fhoireann dhíograiseach, dhinimiciúil agus spreagúil.
Ceathrar Múinteoirí (Lánaimseartha) Ceapacháin bliana, le féidearthacht go ndéanfaí buan iad, sna hábhair seo a leanas:
Béarla, Ceol, Corpoideachas, Drámaíocht, Eacnamaíocht Bhaile, Ealaín, Eolaíocht, Foghlaim don tSaol agus don Obair, Matamaitic, Reiligiún, Teicneolaíocht, TFC agus Tíreolaíocht.
Critéir riachtanacha:
Cáilithe mar mhúinteoir agus cláraithe le Comhairle Ghinearálta Teagaisc Thuaisceart na hÉireann (GTCNI) faoin am a dtosófaí sa phost.
Árdchaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa
In ann, trí cháilíocht nó trí thaithí chuí, dhá ábhar ar a laghad ón liosta thuas a theagasc ag Eochairchéim 3.
Critéir inmhianaithe:
Ábhar amháin ar a laghad ón liosta thuas a theagasc go EC4.
Taithí ag teagasc i scoil tumoideachais.
Taithí ag déanamh soláthair do shainriachtanais oideachais.
In ann cur le himeachtaí seach-churaclaim na scoile.
D’fháilteodh Gaelcholáiste Dhoire roimh iarratais phostroinnte/pháirtaimseartha do na poist mhúinteoireachta thuas fosta.
2. Cúntóir Ranga (Lánaimseartha) Ceapachán bliana le féidearthacht go ndéanfaí buan é.
Critéir riachtanacha:
Árdchaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa.
Árdscileanna cumarsáide i nGaeilge agus i mBéarla araon.
Critéir inmhianaithe:
D’fhéadfaí tosaíocht a thabhairt d’iarrthóirí atá ábalta tacú le forbairt na litearthachta agus/nó na huimhearthachta.
In ann cur le himeachtaí curaclaim agus/nó seach-churaclaim na scoile.
Taithí ar bheith ag obair le daoine óga i suíomh lán-Ghaeilge.
Déanfar measúnú ar chumas Gaeilge scríofa agus labhartha an iarrthóra le linn an phróisis earcaíochta.
Beidh sé de cheart ag an phaineál ceapacháin na critéir inmhianaithe a chur i bhfeidhm nó iad a bhreisiú chun an gearrliostú a éascú.
Tá poist a bhaineann le hobair in institiúidí oideachasúla faoi réir fhorálacha an Ordaithe um Chosaint Páistí agus Daoine Fásta Leochaileacha (TÉ) 2007.
Is féidir foirmeacha iarratais agus tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le hoifig na scoile: info@gcd.doire.ni.sch.uk nó 028 777 41015.
Dáta deiridh le haghaidh iarratais: 14:00 Déardaoin 27 Aibreán.