Text size

Gaelscoil ag teagasc i dteach tabhairne

November 30, 2012

Rinne oifigeach sa Roinn Oideachais cur sios ar Gaelscoil Bharra i gCabrach, Baile Átha Cliath mar an ‘scoil a thit idir na scoilteanna’ trath agus é ag gabhail leithscéil mar gheall ar iarratas ón scoil ar fhoirgneamh a bheith caillte ar feadh cúig bliana.

Ach anois tá an scoil – deich seomra réamhdhéanta i dtoghcheantair an iarThaoisigh, Bertie Ahern – i bhfíor droch-chaoi agus imní ar an bpríomhoide ansin faoi shábháilteacht a leanaí.

Cúpla seachtain ó shin, baineadh an díon de sheomra Rang 6 agus anois tá na daltaí sin i mbun ranga i dtigh tabhairne trasna an bhóthair ón scoil.

“Is cinnte go bhfuil sé scannalach sa bhliain 2012 go mbeadh daltaí ag dul ar scoil i dtigh tabhairne – ach níl an dara rogha againn,” a dúirt Seán Ó Donnghaile le Gaelscéal.

I mí Mhárta na bliana seo, d’fhogair an tAire Oideachais, Ruairi Quinn, go mbeadh foirgneamh nua ag an scoil faoi Mheán Fhómhair 2015 , toradh faoi dheireadh ar an stocaireacht a thosaigh le ceist Dála ó Tony Gregory in 1999.

An bhuairt atá ar Sheán Ó Donnghaile anois nach seasfaidh na seomraí réamhdhéanta go dtí 2015.

Is maith an rud é nach bhfuil sé ag baisteach. An radharc ó dheasca i seomra Ranga 6 i nGaelscoil Bharra tar éis gur thit an díon den fhoirgneamh réamhdhéanta le déanaí.

Is maith an rud é nach bhfuil sé ag baisteach. An radharc ó dheasca i seomra Ranga 6 i nGaelscoil Bharra tar éis gur thit an díon den fhoirgneamh réamhdhéanta le déanaí.

“Scéal fada é feachtas Ghaelscoil Bharra d’fhoirgneamh nua – chasamar le triúr Thaoiseach agus chaill an Roinn Oideachais comhad iarratais na scoile ar feadh cúig bliana,” a dúirt sé.

“Anois tá na seomraí réamhdhéanta seo i bhfíor-drochstaid agus tá imní orainn i bhfirinne go mbeidh siad scriosta agus, mar bharr air sin, tá imní orainn go bhfuil siad dainséarach dár bpáistí.”

Tá an tUasal Ó Donnghaile ag súil go gcuirfear breis luais faoin bpróiséas chun foirgneamh nua a fháil dá scoil.  Tá clár ag an Roinn Oideachais chun tógáil scoileanna a bhrostú.

Faoin gclár seo tugann an Roinn conradh do chonraitheoir amháin chun sé nó seacht gcinn de scoileanna a thogáil chomh fada agus go dtógtar iad laistigh de sprioc-am ar leith.  Má sháraíonn an conraitheoir an sprioc ama sin, gearrtar fíneálacha substaintiúla air.

“Deirtear linn go bhfuil an scoil ag déanamh dul chun cinn sa phróiseas agus go bhfuilimid ag Céim 3 nó 4 agus go mbeidh an scoil nua againn don scoilbhliain 2015/16, ach ní fheicim aon chúis nach mbeadh sé réidh níos luaithe ná sin, abair in Eanáir 2014.”

Tá 220 dalta ag freastal ar Ghaelscoil Bharra agus tá daréag múinteoirí ag múineadh ann.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin scoil ag http://gaelscoilbharra.net/stair.htm

Concubhar Ó Liatháin, Gaelscéal.

28 Samhain, 2012