Gearán faoi théacsanna Gaeilge diúltaithe ag an gCoimisiún Eorpach
October 10, 2012
Ta se ráite ag an gCoimisiún Eorpach nach sáraíonn an costas breise a bhaineann le téacsanna gutháin i nGaeilge dlí na hEorpa.
Cosnaíonn sé níos mó téacs a sheoladh in Éirinn má úsáidtear síneadh fada, nó ‘marc diaicriteach’. Ma úsáidtear marc amháin laghdaíonn sé seo líon na gcarachtar ata ceadaithe i dtéacs amháin ó 160 go dtí 70.
Ag freagairt ceiste ó Fheisire Parlaiminte an Lucht Oibre, Phil Prendergast, dúirt an Coimisinéir don Chlár Digiteach, Neelie Kroes, nach raibh aon chosúlacht ann go raibh na caighdeáin atá i bhfeidhm sa mhargadh fóin ag teacht salach ar dhlíthe an AE. Socraíonn eagraíocht tionscail féinrialaithe, Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide, na caighdeáin a cuirtear i bhfeidhm sa mhargadh.
“Cumann an IECT caighdeáin ata deonach, dírithe ar an margadh agus bunaithe ar chomhdhearcadh atá curtha i dtoll a chéile don mhargadh agus chun freastal a dhéanamh ar na riachtanais ar leith ata ag an margadh Eorpach,” arsa Kroes.
Dúirt Phil Prendergast nach raibh sí sásta leis an bhfreagra ón gCoimisinéir.
“De réir an Choimisinéir Kroes, níl sé seo i gcoinne dhlí an Aontais Eorpaigh, ach, le meas, ní aontaím léi. Is cleachtas idirdhealaitheach é seo sa Mhargadh Inmheánach agus táim chun athleanúint a dhéanamh léi maidir leis seo.”
“Go bunúsach, ciallaíonn an cleachtas idirdhealaitheach seo go bhfuil difríocht mhór idir an praghas ar théacsanna sna teangacha éagsúla. Ní bhaineann an fhadhb seo leis an nGaeilge amháin, bíonn diaicriticí in úsáid sa Fhraincís, sa Spáinnis agus sa Phortaingéilis, mar shampla. Nuair a úsáideann tú diaicritic amháin dúblaíonn an phraghas, agus dar liom féin níl sé sin ceart ná cóir do phobail na Gaeilge ar fud na tíre.”
www.gaelsceal.ie
Foilsithe ar 10 Deireadh Fómhair 2012