Go leor míshuaimhnis léirithe ag cruinniú faoi RTÉ agus an Ghaeilge
December 6, 2012
Ag cruinniú a bhí i gCois Fharraige an Déardaoin seo caite, léiríodh cuid mhór mhíshuaimhnis faoin “gcónascadh” atá beartaithe idir nuacht RnaG agus TG4, faoi chaighdeán na gclár Gaeilge agus faoin bhfreastal atá á dhéanamh ar mhuintir na Gaeltachta.
Bhí timpeall scór duine, idir chraoltóirí agus iriseoirí de chuid TG4 agus RnaG agus muintir an phobail, ag an chruinniú a dhírigh ar mholtaí a chur chun cinn i dtaobh dréachtú polasaithe RTÉ i leith na Gaeilge.
Iarradh orthu siúd a bhí i láthair a gcuid moltaí a chur chun tosaigh maidir leis an gcineál seirbhíse ba mhaith leo ó RTÉ. Rinneadh aird a tharraingt ar an dualgas reachtaíochta atá ar an gcraoltóir náisiúnta an Ghaeilge a chur chun cinn ach chreid roinnt daoine go raibh fáilí á dhéanamh i dtaobh an dualgais sin le fada.
Maíodh ná cheart go mbeadh aon laghdú ar an mbuiséad atá ar fáil do chraoltóireacht na Gaeilge agus gur cheart líon agus caighdeán na gclár ar RTÉ a fheabhsú. Bhí roinnt daoine buartha nach ionann an cur chuige atá ag RTÉ i leith chaighdeán na gclár Béarla agus caighdeán na gclár Gaeilge.
Dúradh go raibh gá soiléiriú a fhail ar ‘céard is clár Gaeilge ann’ mar go raibh cuid mhaith cláracha ar RTÉ a bhí ag titim faoi scáth na gclár Gaeilge ‘ar bheagán Gaeilge’ nó ‘ar dhrochchaighdeán Gaeilge’. Moladh gur cheart tús áite a thabhairt do chraoltóireacht atá dírithe ar chainteoirí dúchais agus ar chainteoirí maith Gaeilge.
Bhí cuid mhór dá raibh i láthair ag aontú gur cheart freastal níos fearr a dhéanamh ar ghasúir ag aois réamhscoile, bunscoile agus meánscoile agus go raibh easnamh ann maidir le craoltóireacht atá dírithe ar daoine faoi 35 bliain d’aois.
Is é an “cónascadh” a chothaigh ábhar buairimh ina measc úd a bhí i láthair, go háirithe mar gheall ar an ‘dátheangachas’ a bheas i gceist leis an seomra nuachta nua. Cé go raibh na craoltóirí o gcoinne an chónasctha, dúradh go raibh féidearthachtaí ann maidir le comhoibriú.
Léiríodh imní faoin tuairisc neamhspleách a rinne RTÉ a choimisiúnú agus a chuir Stillwater Communications i gcrích. Bhí doiléireacht maidir le bunús na moltaí a rinne siad agus an tuiscint a bhí ag an tuairisc ar phobal na Gaeltachta.
Tá go dtí an Aoine, 7 Nollaig, ag an bpobal lena gcuid tuairimí a chur in iúl do RTÉ maidir le polasaithe i leith na Gaeilge.
www.gaelsceal.ie
Foilsithe ar 5 Nollaig 2012