Text size

Iar-Dhalta Choláiste Feirste mar Ardmhéara

October 9, 2012

Coláiste Feirste alumni have succeeded near and far, in all fields of work, and it gives us great pride to highlight the work of Niall Ó Donnghaile, who has recently completed his term of office in Belfast City Council in the esteemed position of Lord Mayor. Here, Niall shares some experiences of his life as a, ‘Meánscoil Feirste,’ pupil and how his main passion and drive in life continues to be the Irish language and culture.

Lá stairiúil a bhí ann ar an Aoine 5 Deireadh Fómhair d’iardhalta Niall Ó Donnghaile ag caint le daltaí Cholaiste FeirsteCholáiste Feirste Niall Ó Donnghaile, i Halla na Cathrach. Bhí bliain mhór ghnóthach aige, nuair a chaith sé seal bliana mar Ardmhéara Bhéal Feirste. Tháinig deireadh leis an seal sin i Meitheamh na bliana seo agus inniu bhí cúis cheiliúrtha ann ar a shon. Mar a rinneadh do gach Ardmhéara na cathrach roimhe seo,  cuireadh portráid in ómós de Niall Ó Donnghaile in airde, i Halla na Cathrach. Dá siúlfaí thart ar Halla na Cathrach, thabharfaí faoi deara go bhfuil na portráidí uilig bunaithe ar an ‘Ardmhéara’ ag an am sin, seachas portráid Niall. Mhaisigh an t-ealaíontóir áitiúil Danny Devenney an múrmhaisiú gleoite seo de Niall, le cúnamh ó uncail Niall, Seán Mac an Bheatha. Bhí Danny agus a fhoireann ag iarraidh portráid speisialta a dhéanamh nach raibh cosúil le gach uile phortráid eile i Halla na Cathrach agus tá rud inteacht ar leith fá phortráid Niall. Cé go bhfuil Niall sa phortráid, tá an phortráid s’aige bunaithe ar mhuintir Bhéal Feirste agus tá an chathair á ceiliúradh sa phortráid.

Rugadh agus tógadh Niall Ó Donnghaile ar an Trá Ghearr in Oirthear Bhéal Feirste. Is oibrí pobail é agus déanann sé a sheacht ndícheall ar son an phobail ina cheantar féin agus i gceantracha eile chomh maith. D’fhreastail Niall ar Choláiste Feirste, áit a bhfuair sé oideachas trí-mheán na Gaeilge agus sa lá inniu, tá an Ghaeilge mar pháirt lárnach dá shaol. Thosaigh Niall amach ar an scoil sa Chultúrlann, áit ar chuir sé suim sa pholaitíocht don chéad úr. Bhain sé céim amach sa pholaitíocht nuair a d’imigh sé ón scoil. Tá suim as cuimse ag Niall sa pholaitíocht, ar a bharr sin, tá sé thar a bheith gnóthach i gcúrsaí teanga agus pobail. Tuigeann Niall go bhfuil ról an-tábhachtach ag an Ghaeilge, taobh istigh agus taobh amuigh de scoil. Is Gaeilgeoir bródúil é agus is léir go bhfuil bród air go bhfuair sé a oideachas ar Choláiste Feirste. Cé gur bhain Niall an-sult agus tairbhe as a chuid ama ar an scoil, ba mhinic a fuair sé droch-am as tacadóirí Aontroma (formhór na scoile) mar gur fear an Dúin é, ba bheag uair nach raibh an lámh in uachtar ag Niall leis an argóint sin, áfach:

Niall Ó Donnghaile lena mhúrmhaisiú den scoth

“Bhain mise an-sult as mo chuid ama ar Choláiste Feirste! Thosaigh mise ar an scoil nuair a bhí muid lonnaithe thíos sa Chultúrlann agus bhí meoin den scoth ag an scoil agus ag an phobal ar fad, meoin nach bhfuil ag scoil ar bith eile agus meoin atá i réim sa Choláiste go fóill. Bhí spéis agam i gcúrsaí polaitíochta i gcónaí ach bhí spéis ar leith agam sa ghníomhaíocht phobail. Fiú ar scoil bhí orainn seasamh suas ar son ár gcearta mar Ghaeil. Cuireann sé gliondar ar mo chroí nuair a fheicim Gaeil ag teacht fríd an Ghaeloideachas. Chan amháin sin, ach cuireann sé lúcháir ar mo chroí chomh maith, nuair a fheicim an fás atá déanta ag Coláiste Feirste agus an Ghaeloideachas. Is léir go bhfuil an Ghaeilge ag dul ó neart go neart agus tá bród orm go raibh oideachas agam trí-mheán na Gaeilge i gColáiste Feirste.”

Chaith Niall seal rathúnasach rathúil mar Ardmhéara i mbliana agus bhí formhór na cathrach an-bhuíoch as ucht a chuid oibre agus díograise. Ba é Niall an 56ú Ard mhéara ar Bhéal Feirste agus an t-ardmhéara ab óige dá raibh ann go dtí seo. Le linn na bliana, bhí sé i gcroílár cuid de na himeachtaí ba thábhachtaí agus ba chorraithí dá bhfaca Béal Feirste mar chathair. Bhí dlúthbhaint aige leis an tionscadal sa cheathrú Titanic, an tionscadal ‘Ag Ceiliúradh an tSaoil’ agus na Gradaim MTV, ar bharr Portráid Niall Uí Dhonghaileneart imeachtaí eile. Ba bheag deis a bhí ag Niall a scíth a ligean le linn na tréimshe gnóthaí s’aige. Os a choinne sin, is léir gur bhain sé an-tairbhe as an seal a chaith sé mar Ardmhéara na Cathrach. Is gá do gach Ardmhéara an slabhra óir a chaitheamh, ní raibh aon difear ann do Niall ach cuireann sé síos ar an phíosa tábhachtach óir eile a chaith agus a chaitheann sé ar a bhrollach go laethúil le bród:

“Bhí tréimhse ar dóigh agam mar Ard Mhéara ach níos tábhachtaí arís, tréimhse den scoth a bhí ann don chathair le himeachtaí cosúil leis na gradaim MTV anseo i mBéal Feirste. Ba iontach an phribhléid a bhí ann dom dul isteach ar gach cuid den chathair bhródúil seo agus bualadh le daoine ar fheabhas. An rud is speisialta ná go raibh mé in ann tacú le grúpaí atá ag troid in éadán féinmharaithe agus ag cur cúrsaí meabhairshláinte chun chinn tríd an tionscadal “Ag Ceiliúradh an tSaoil” – bhí mé iontach sásta fosta go raibh mé in ann a thaispeáint go bhfuil teanga bheo bhríomhar againn sa chathair seo agus go bhfuil daoine ag teacht tríd Coláiste Feirste atá réidh dul isteach i bpostanna cosúil le post an  Ardmhéara – mar a dúirt mé le linn na tréimhse s’agam: An píosa óir is tábhachtaí a chaithim ná an Fáinne, chan an slabhra!”, Niall Ó Donnghaile.

Is léir nach ndearna Niall dearmad cárbh as a dtáinig sé le linn a thréimhse mar Ardmhéara. Is ar éigean nach raibh Niall sa scoil, ba mhinic a thug sé cuairt ar na daltaí le comhairleoir chuí a a chur ar ár ndaltaí nó le himeachtaí a lainseáil sa scoil. Is léir go bhfuil an-bhród ar Niall gur fhreastail sé ar Choláiste Feirste ach is gá dúinn a léiriú go bhfuil bród nach beag orainn go raibh iar-dhalta agus cara Choláiste Feirste mar Ardmhéara ar Bhéal Feirste. Maith thú féin, a Niall.

www.colaistefeirste.com