Leabhair nua as Gaeilge do pháistí
December 4, 2012
An bhfuil Bronntanas Nollag do pháiste óg uait? Má tá coinnigh ort ag léamh.
Glactar leis go gcuireann gach páiste óg fáilte roimh leabhar agus tá trí leabhar nua gleoite maisithe, deartha agus scríofa ag Ciara Ní Dhuinn.
D’fhoilsigh Cló Mhaigh Eo na céad trí leabhar le Ciara dhá bhliain ó shin agus bhí an-éileamh orthu. Anois, agus díreach in am do mhargadh na Nollag, tá trí cinn eile sa tsraith foilsithe.
Is maith liom, Conas tá tú agus Cá bhfuil Riley na teidil atá ar na leabhair is déanaí agus tá siad go hálainn ar fad. Táid lándaite agus cosnaíonn siad €7 an ceann.
Is as baile Cheatharlach ó dhúchas do Chiara Ní Dhuinn ach tá cónaí uirthi anois in Illinois, Meiriceá lena fear céile agus a hiníon Eliana. Bhí suim i gcónaí sa Ghaeilge ag Ciara agus is chun cabhrú le hEliana eolas a chur ar an teanga a chinn sí ar na leabhair a chur ar fáil í féin. Anois is léir go bhfuil tuismitheoirí eile ag baint sásaimh agus tairbhe as leabhair Chiara chun an rud céanna a dhéanamh lena bpáistí óga féin.
Tá na leabhair curtha ar fáil le cabhair fhlaithiúil ó Foras na Gaeilge agus dáilithe go forleathan ag Cló Mhaigh Eo. Is féidir na leabhair a cheannach i gCeatharlach i Siopa Leabhar Easons in Ionad Siopadóireachta Fairgreen agus in Bestsellers in Ionad Siopadóireachta Cheatharlach agus dhéanfadh siad bronntanas álainn do pháiste ar bith.
Tá na leabhair ar díol ar líne chomh maith ar www.leabhar.com. Tuilleadh eolais ar fáil ar www.eliesbooks.com nó ó Glór Cheatharlach ar 085 1340047.
www.carlow-nationalist.ie
Foilsithe ar 2 Nollaig 2012