Text size

Dianchúrsaí an tsamhraidh

May 30, 2013

Cuirfear tús an mhí seo chugainn leis an tsraith dianchúrsaí Gaeilge atá á eagrú ag Conradh na Gaeilge i nGaillimh.

Beidh na cúrsaí á reáchtáil in Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic ó 11 – 27 Meitheamh le dhá rang sa tseachtain ó 7.00in – 9.30in gach oíche. Tá na ranganna dírithe ar 3
leibhéal – tosaitheoirí, bunleibhéal, agus meánleibhéal le costas ¤125 ar an gcúrsa.
Le linn an chúrsa beidh béim mhór ar chomhrá agus ar labhairt na Gaeilge. Beidh na rannpháirtithe in ann feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge labhartha trí chleachtadh agus trí theagasc den scoth.

Maidir leis na rannpháirtithe a bhfuil Gaeilge níos líofa acu, múinfear roinnt gramadaí dóibh freisin agus beidh siad in ann tuiscint níos fearr a fháil ar scríobh na Gaeilge. Ní bheidh fadhb ar bith díriú ar ábhar nó ar riachtanais speisialta sna ranganna beaga seo freisin más gá.
Cosúil le ranganna an Chonartha trí chéile beidh an curaclam ceangailte le curaclaim Teastas Eorpach na Gaeilge.

Is féidir clárú ar www.arasnangael.ie nó teagmháil a dhéanamh le Conradh na Gaeilge, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh, ag 091 567824 nó conradh@bradan.iol.ie

http://www.advertiser.ie/galway