Text size

Tá na busanna ag líonadh

February 13, 2014

Tá busanna á eagrú ó Chonamara agus ó chathair na Gaillimhe chun daoine a thabhairt go Baile Átha Cliath don mhórshiúl Lá Mór na Gaeilge – Siúl ar son do Chearta, ócáid a bheidh ar siúl an Satharn seo chugainn, 15 Feabhra.

Tá an mórshiúl á eagrú mar chuid d’fheachtas cearta atá bunaithe mar thoradh ar an ngéarchéim a cruthaíodh nuair a d’fhógair An Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, go mbeadh sé ag éirí as oifig de bharr na heaspa éisteachta atá faighte aige ón Rialtas. Cuirfear tús leis an mórshiúl Lá Mór na Gaeilge – Siúl ar son do Chearta ag 2.00i.n. agus an slua ag fágáil Cearnóg Parnell ag 2.00i.n. agus iad ag tabhairt aghaidhe ar lár na cathrach.

Fágfaidh bus Chonamara carrchlós Mhuintearas, Tír an Fhia, ag 8.45r.n. agus stopfaidh sé ag Halla Éinne, An Cheathrú Rua ag 9.00r.n. agus ag Seanscoil Sailearna, Indreabhán ag 9.15r.n. Is féidir suíochán a chur in áirithe ach teachtaireacht a sheoladh chuig tuismitheoirinagaeltachta@gmail.com nó téacs chuig 087 3382885. Fágfaidh bus na cathrach an Ardeaglais ag 10.00r.n. agus is féidir suíochán a chur in áirithe ach glaoch a chur ar 091 567824.

Cuirfear críoch leis an mórshiúl le slogadh ollmhór, áit a ndéanfar ceiliúradh ar bheocht agus ar shaibhreas na Gaeilge le ceolchoirm ó Seo Linn agus baill den ghrúpa Kíla agus Na Firéin.

www.advertiser.ie