Text size

Miotas, maisc agus ceoil

April 18, 2013

Miotas, maisc agus ceoil: Sétanta ar an mbóthar arís agus an gcomhlacht amharclannaíochta Fíbín ag ceiliúradh 10 mbliana ar an bhfód

Tá Fíbín Teo., ceann de na cuideachtaí amharclannaíochta is forbartha agus uaillmhianach in Éirinn, ag ceiliúradh a deichiú lá breithe i mbliana agus iad ag tabhairt ‘Sétanta’ ar chamchuairt ar fud na tíre. Tar éis an ard mholadh a fuair sé an bhliain seo caite, beidh an seó ar siúl i sé ionad ar fud na tíre i mí Aibreán agus Bealtaine. Scríofa ag an drámadóir Gaeilge Paul Mercier agus léirithe ag Darach Ó Tuairisg, bunaitheoir Fíbín, chuaigh sé ar an stáitse i dtosach i 2011 agus ba é an chéad dráma i nGaeilge a bhí ar stáitse in Amharclann na Mainistreach le 25 bliain.

Bunaithe in Indreabhán, i gConamara, Contae na Gaillimhe, tá 23 léiriúcháin déanta ag Fíbín do lucht féachana ollmhór.  Tá os cionn 400,000 duine tar éis freastal ar dhrámaí Fíbín sa tír seo agus thar lear, an Albain, an Bhreatain Bheag, Sasana, an Bheilg, an Iorua, Ceanada agus an Afraic ina measc, le camchuairt le dhá seó chuig na Stáit Aontaithe beartaithe i mbliana.

“An aidhm a bhí againn ná dráma amháin láidir a dhéanamh deich mbliana ó shin, níor cheap muid riamh go mbeadh muid anseo inniu le 23 léiriúcháin nua agus an t-uafás camchuairteanna idirnáisiúnta déanta againn.  Bíonn muid i gcónaí ag iarraidh na scileanna is nua agus is fearr a snoí isteach inár léiriúcháin – is é nuálaíocht eochair an ghnó seo”, a dúirt Darach Ó Tuairisg, bunaitheoir agus bainisteoir stiúrtha Fíbín Teo.  “Tá muid fíor-bhródúil as SÉTANTA agus is bealach iontach é le ceiliúradh a dhéanamh ar bhreithlá deich mbliana Fíbín, rud nach mbeadh muid in ann a dhéanamh gan cabhair flaithiúil Deontas Chamchuairte An Comhairle Ealaíona”, a deir sé.

Is léiriúchán avant-garde de scéal ársa ó Mhiotaseolaíocht na hÉireann é Sétanta. Insíonn Sétanta scéal an bheirt ghaiscíoch faoi scáth Medb agus a ré uilechumhachtach. Baineann Fíbín úsáid as teicnicí shamhlaíocha; ina measc tá físigh tarraingteacha, pleascacha, ceol cumtha go speisialta ag Mel Mercier agus beagnach 50 masc lámh-dhéanta a dhéanann an t-aicsean níos réalaíoch. Tá an inseacht ar an scéil seo lán le cumhacht, saint, éad agus grá, rud a thabharfaidh an lucht féachana isteach i lár an t-aicsean.

“Ba é ceann de na h-aidhmeanna a bhí agam i gcónaí ná dráma bunaithe ar shean-mhiotas a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.” arsa scríobhneoir Paul Mercier. “ Tá an-mheas agam ar an obair a dhéanann Fíbín agus tá mé thar a bheith sásta leis an léiriú a rinne siad ar an dráma seo, sílim go dtugann sé casadh nua don sean scéil seo”, a deir sé.

Beidh Sétanta ar stáitse in amharclanna ar fud na tíre: Gaillimh, Leitir Ceanainn, Doire (mar chuid de chathair Chultúir 2013), Béal Feirste, An Daingean (mar chuid d’Fhéile na Bealtaine) agus Corcaigh ón 18ú Aibreáin go dtí an 10ú Bealtaine. Tuilleadh eolais ar www.fibin.com.

Sétanta Dátaí:

18 & 19 Aibreán 2013: An Taibhdhearc, Gallimh. Guth: 091 562 024 www.antaibhdhearc.com

22 & 23 Aibreán 2013: An Grianán, Litir Ceanainn. Guth: 074 912 0777 www.angrianan.com

25 & 26 Aibreán 2013: Cultúrlann Uí Chanáin, Doire. Guth: 028 71 264132 / www.culturlann-doire.ie

1 & 2 Bealtaine 2013: The Lyric Theatre, Béal Feirste. Guth: +44 28 9038 1081 www.lyrictheatre.co.uk

5 & 6 Bealtaine 2013: Halla na Feothanaí, Féile na Bealtaine, An Daingean. Guth: 087 799 4488 / www.feilenabealtaine.ie

9 & 10 Bealtaine 2013: The Granary, Corcaigh.  Guth: 021 490 4275. www.granary.ie

Fad Reatha: 1ur 15 nóiméad (gan sos)

Ticéid: €12-15 (lascainí scoile ar fáil) ar fáil ó na hamharclanna.

NB: Tá ráta speisialta againn do dhaltaí don seó lae – €10 agus múinteoirí saor in aisce.  Má tá grúpa níos mó ná 20, is féidir linn an praghas a ísliú arís.

Tuilleadh eolais:

Úna Ní Chárthaigh, Stillwater Communications

T: 01 6770630     M: 086 3375050      E: una@stillwater.ie

Darach Ó Tuairisg, Fíbín Teo

T: 091 593823 E: fíbín@eircom.net

Fíbín Teo:

Bunaíodh Fíbín teo i 2003 agus is comhlacht é le spalladh íota do siamsaíocht trí mheán na Gaeilge ó bhonn i gConamara, Contae na Gaillimhe. Chun é seo a bhaint amach, úsáideann Fíbín puipéid, maisc, scáileanna, fuaim ceol, agus sraith de theicnící ard-amhairc chun stíl a fhorbairt nach bhfacthas roimhe sin in amharclannaíocht na hóige, agus in Amharclannaíocht na Gaeilge go háirithe.

Tá 23 léiriúcháin curtha i láthair ag Fíbín go lucht féachana cruach thar 400,000 daoine.

Gradaim atá ag Fíbín ná 2005 A.I.B. Gradaim Amharclannaíochta Contae na Gaillimhe, Allianz Business to Arts Awards, Top 50 Irish Language Business Awards, Irish Times Theatre Awards agus le déanaí bhuaigh scríbhneoir ‘Sétanta’ Paul Mercier an Gradam Iontaobhas Stewart Parker.

Tá Fíbín ar cheann de chomlachtaí is beag go bhfuil taistil déanta ar fud na hEorpa, an Afraic agus i Meiriceá Thuaidh a chruthú go bhfuil stíl a gcuid oibre ar fáil do chách!

Paul Mercier:

Bunaitheoir agus stiúrthóir ealaíne an Passion Machine Theatre Company. Tá trí ghearrscannán scríofa agus stiúrtha aige do Brother Films, ‘Before I Sleep’, ‘Lipservice’ agus ‘Tubberware’. Iar-mhúinteoir Gaeilge é ag Greendale Community School i gCill Bharróg, stiúraigh sé an tsraithchlár teilifíse do dhéagóirí ‘Aifric’ do TG4. Tá ceithre dhráma scríofa aige d’Amharclann na Mainistreach ach is é ‘Sétanta’ a chéad dráma as Gaeilge scríofa aige d’Amharclann na Mainistreach