Text size

‘Níl gealltanais á gcomhlíonadh’

April 18, 2013

Dúirt Pobal, grúpa teanga sa Tuaisceart, nach raibh gealltanais Chomhaontú Aoine an Chéasta i leith na Gaeilge á gcomhlíonadh.

Dúirt ceannasaí an eagrais, Janet Muller, gurbh ábhar dóchais é an comhaontú 15 bliain ó shin mar gur thug rialtas na Breataine aitheantas don Ghaeilge. Ach chaith na húdaráis thuaidh “cuid mhaith fuinnimh agus ama” ó shin “ag cur constaicí roimh phobal na Gaeilge agus ag iarraidh forbairtí ar an talamh a bhrú siar”. Bhí cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna; ní raibh aitheantas do chraoltóireacht na Gaeilge i reachtaíocht Westminster; bhí maoiniú do na heagrais bhunmhaoinithe gearrtha siar agus ní raibh acht teanga ann leis an Ghaeilge a chosaint, a dúirt sí. Rinne Pobal suirbhé ar mhúinteoirí in earnáil an Ghaeloideachais agus bhí leibhéal ard míshástachta faoin dóigh a raibh gealltanais faoi chúrsaí teanga á gcomhlíonadh. Bhí thart faoi 65 faoin gcéad de na freagróirí “míshásta” nó “iontach míshásta” faoin bhealach ar chuir na húdaráis úsáid na Gaeilge chun cinn sa saol poiblí. Bhí tromlach na múinteoirí ar son acht teanga a bhí “cuimsitheach ceartbhunaithe”.

www.irishtimes.com

Foilsithe ar 17 Aibreán 2013