Text size

Samhail nua ar na bacáin

October 11, 2012

Tá eagrais Ghaeilge sa Tuaisceart buartha go bhfuil siad á sailleadh ag samhail nua mhaoinithe ‘críoch-dheighilteach’.

Sceitheadh roinnt de na sonraí an tseachtain seo caite, maidir le scéim nua mhaoinithe ag Foras na Gaeilge.  De réir an ailt, tá sé ‘cheanneagraíocht’ le bheith ann.  Beidh siad freagrach as réimsí difriúla d’obair teanga.  Tuigtear go mbeidh seacht n-eagras san iomaíocht mar ‘cheanneagraíochtaí’.  Níl ceann ar bith acu lonnaithe sa Tuaisceart.  Beidh na ‘ceanneagraíochtaí’ ábalta fochonarthaí a thabhairt d’eagrais eile.

Tuigtear ó foinsí go mairfidh na conarthaí seo 18 mí.  Ta seo iomlán difriúil ón moladh a rinne an Comhchoiste Um Comhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltachta sa samhradh i dtuarascáil ar an tSamhail Nua Mhaoinithe (moladh eile a bhí ag an bhForas maidir le maoiniú).  Dar leis an gComhchoiste gur cheart bunmhaoiniú a choinneáil “chun go gcoimeádfar tacaíocht agus seirbhísí criticiúla do phobal na Gaeilge ar bhonn leanúnach.”

Dúirt Aodán Mac Póilín, Stiúrthóir Iontaobhas Ultach, nár phléigh an Foras an cur chuige seo leo.  “Is polasaí iomlán úr e seo,” ar seisean.  “Ba choir go rachadh an polasaí seo amach ar chomhairliúchán poiblí.  Mura ndéanann siad sin, tá siad ag sárú treoraithe cleachtais maidir le forbairt polasaí sa Tuaisceart.”

Is léir go bhfuil fadhbanna leis an gcaidreamh idir cuid mhór eagras agus an Foras, go hairithe eagrais sa Tuaisceart.  Dúirt Janet Muller, Príomhfheidhmeannach Pobal, gur dearnadh cuid mhór iarrachtaí thar ceithre bliana chun na ceisteanna seo a phlé leis an bhForas.

Bhí sí ar aon intinn le Mac Póilín gur polasaí nua é seo, ach gan aon iomrá ar na measúnaithe a bhí riachtanach.  Dar léi, chomh maith, go gcuirfeadh seo isteach ar an gcaidreamh idir na heagraíochtaí.

“Tá roinnt beag eagraíochtaí chun deireadh a chur le heagraíochtaí eile,2 ar sise.  “Leis, deir siad gur chur chuige uile-oileánda a bheidh ann.  Tá an rud a moltar iontach críoch-dheighilteach.  Ta na heagraíochtaí a luaitear lonnaithe i mBaile Átha Cliath.”  Dar léi go gciallódh na moltaí “deireadh leis an earnáil sa Tuaisceart.”

Dúirt urlabhraí thar cheann an Forais gur pléadh roinnt féidearthachtaí ag cruinniú de Bhord Fhoras na Gaeilge ar an Aoine, 28 Meán Fómhair “agus cuirfear moladh chuig na ranna urraíochta go luath.

www.gaelsceal.ie
Foilsithe ar 10 Deireadh Fómhair 2012