Text size

Scléip Gael Linn 2017, Croaobhchomórtas i gCluain Tarbh!

January 30, 2017

Beidh craobhchomórtas Scléip Gael Linn 2017, an comórtas tallainne le béim ar na healaíona comhaimseartha, ar siúl in amharclann Clasach, Cluain Tarbh ( www.clasac.ie ) Déardaoin, 2 Feabhra 2017. Beidh suas le 300 aisteoirí, ceoltóirí, rinceoirí agus amhránaithe ó iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ó Dhún na nGall go dtí Daingean Uí Chúise, mar aon lena gcuid múinteoirí agus tuismitheoirí, i láthair don ócáid.
Cuirfear tús leis na comórtais ag 11.00a.m. agus beidh críoch leis an lá ar a 5.30p.m. Bhí ceithre réamhbhabhta réigiúnacha ar siúl ag i rith mhí na Samhna/mí na Nollag –i Muineachán, i nGaillimh, i mBaile Átha Cliath agus i Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí, ag a roghnaíodh na hiomaitheoirí don chraobhchomórtas.
I measc na moltóirí a bheidh ann ar an lá mór, beidh an léiritheoir drámaí, Síle Ní Dhuibhne, an damhsóir, Breandán de Gaillí, agus na ceoltóirí agus cumadóirí, Méabh Ní Thuathaláin, Edel Ní Churraoin, Enda Reilly agus Pádraig Ó Conghaile ( nó MC Muipéad )!

Bronnfar duaiseanna ar na buaiteoirí i ngach rannóg agus Gradam Scléip ar an amhránaí/ceoltóir aonair nó ar an ngrúpa is mó a sheasann amach. Don chéad uair chomh maith, bronnfar duais Gradam Cheoil Nós don amhrán nua-chumtha is fearr sna comórtais amhránaíochta, canta ag duine aonair nó ag grúpa. Is iad Seán Ó Ceallaigh, Gael Linn, agus Niamh Ní Chróinín, Raidió Rí Rá, a bheidh mar láithreoirí ar an ócáid. Táimid ag súil le han-lá – beidh fáilte mhór roimh lucht féachana !