Text size

(Gaeilge) Seachtain na Gaeilge – Comharthaí Datheangacha

March 21, 2017

Comhairliúchán maidir le comharthaí dátheangacha ar sheirbhísí bus i nDoire
Seolfar an comhairliúchán seo mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2017

Tá Translink ag dul i mbun comhairliúcháin leis an phobal maidir le scéim nua chun comharthaí dátheangacha – Gaeilge agus Béarla – a léiríonn logainmneacha áitiúla a chur ar bhusanna atá i mbun seirbhíse i gcathair Dhoire.
Ag brath ar thorthaí an chomhairliúcháin, tá sé beartaithe an scéim a chur i bhfeidhm ar bhonn píolótach ar bhusanna atá i mbun seirbhíse ar bhusbhealach an tSléibhe Mhóir agus má éiríonn leis an scéim, d’fhéadfadh an scéim a leathnú amach chuig busbhealaí eile sa chathair.

Dúirt Alan Young, Bainisteoir Seirbhísí le Translink, ag Busáras Shráid an Fheabhail “Mholfainn do dhaoine an deis seo a thapú le tuairim a nochtadh le linn an tréimhse chomhairliúcháin a mhairfidh sé seachtainí go dtí an 30 Aibreán 2017. Fáiltíonn muid roimh thuairimí éagsúla agus cuirfidh an t-aiseolas a fhaigheann muid lenár bpróiseas cinnteoireachta”.

Lean sé: “Déanfaidh an tionscnamh seo ceiliúradh ar oidhreacht na logainmneacha traidisiúnta sa chathair agus cuirfidh sé le mealladh na cathrach mar cheann scríbe uathúil do thurasóirí. Moltar go gcuirfí an scéim i bhfeidhm ar bhusbhealach FY12 an tSléibhe Mhóir, mar gurb é an busbhealach is gnóthaí i measc na seirbhísí Ulsterbus ar fad atá againn sa chathair. Má éiríonn leis, d’fhéadfadh muid an scéim a leathnú amach chuig busbhealaí eile sa chathair”.

Cuireann an tionscnamh seo le ceangaltais Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin chun ceiliúradh a dhéanamh ar éagsúlacht teangacha agus ar ilchineálacht chultúrtha agus chun cothromaíocht deiseanna a chur ar fáil do chách. Tá eolas ar an Ghaeilge ag 14% den daonra i nDoire. Lena chois sin, tacaíonn an tionscnamh seo le príomhchuspóirí na Cairte Eorpaí um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh. set out in the EU Charter for Minority/Regional Languages.

Tá ceistneoir an chomhairliúcháin ar fáil ag www.translink.co.uk/bilingualbusscreens/ nó tá bileogaí cruachóipe ar fáil ó Bhusáras Shráid an Fheabhail.

Consultation on bi-lingual displays on Derry~Londonderry City Services
Launch coincides with Seachtain na Gaeilge 2017

Translink is launching a public consultation on the proposed display of English/Irish bi-lingual destination screens for place names on buses operating on Derry~Londonderry City Services.

Subject to consultation, it is planned to pilot the bi-lingual destination screens on the Slievemore Route, with potential to expand to other routes in the city.
Translink’s Service Delivery Manager at Foyle Street Alan Young said: “I would urge as many people as possible to express their views during this six week consultation period which runs until 30th April 2017. We want to hear as many views as possible and this important feedback will inform our decisions.”

Alan Young also said: “This initiative is a way to celebrate traditional place names in the city and their meaning, while also helping to support local tourism through a unique visitor experience. It is proposed to pilot the initiative on Slievemore Route FY12, as it is the busiest Ulsterbus Foyle City Service. If successful, there is potential to roll out to other routes across the City.”

This initiative supports Derry City and Strabane District Council’s commitments to celebrate cultural and linguistic diversity and promote equality of opportunity for all. 14% of the population in the Derry~Londonderry area have a knowledge of the Irish language. In addition, the initiative supports key objectives and principles set out in the European Charter for Minority or Regional Languages.

The consultation is available online at www.translink.co.uk/bilingualbusscreens/ or leaflets are available in Foyle Street Bus Station.