Text size

Seo Linn ag tacú leis an nGaeilge!

May 2, 2017

Is banna de cheathrar Seo Linn (www.seolinn.com) atá ag pléascadh isteach ar saol ceoil na hÉireann le fuaim chumhachtach a mheascann an sean leis an nua le paisean ar leith don Ghaeilge. Tá an chéad albam amuigh acu faoi láthair a shroich #3 sna cairt iTunes, díreach taobh thiar de dhá albam le Ed Sheeran!

Is é ‘Solas’ ainm an tionscadail úir atá ag Seo Linn freisin. Tá leabhar cuimsitheach neamhfhoirmiúil amuigh acu a théann i gcomhar lena n-albam den teideal céanna. Is d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge an tionscadal seo.

Glacann an leabhar seilbh ar eilimintí den saol comhaimseartha ar nós ceol, cluichí, ceisteanna, spórt, damhsaí agus cócaireacht. Tagann an réimse leathan seo le chéile agus é fite fuaite leis an albam le comrádaí foghlama a chruthú d’éinne a bhfuil spéis acu ann.

Tá Solas tar éis go leor airde a tharraingt air féin in Éirinn go fóill. Bhí sé le feiceáil ar an Seven O’Clock Show ar TV3, RTÉ Today le Dáithí agus Maura, The Seán O’Rourke show ar RTÉ Raidió 1, Nicky Byrne Show with Jenny Greene ar 2FM agus Ruaille Buaille ar Highland Radio. Bhí ‘Rise’ ar sheinnliosta 2FM le mí iomlán agus rith siad go leor comórtas faoi freisin. Bhí ‘Solas’, teidealtraic an albaim, ina amhrán oifigiúil ar Sheachtain na Gaeilge 2017.

Cuireadh tús le haistear Seo Linn leis na físeáin cheoil chlúiteacha a chruthaíonn siad i gColáiste Lurgan atá, ag ann bpointe seo, tar éis ós cionn 20 milliún amas a bhailiú. Tá siad tar éis a gcuidse ceoil a thabhairt chomh fada le Melbourne, Bostún, Nua Eabhrac, Dún Éideann, Glaschú, Londain agus Uganda fiú amháin le Gorta Self-Help Africa! Chas siad ar an Late Late Show faoi dhó agus ar an Ray D’Arcy Show lena n-amhrán, The Irish Roar, a bhí mar amhrán oifigiúil don FAI do Euro 2016.
Ba iad ambasadóirí oifigiúla Sheachtain na Gaeilge 2016 agus d’aistrigh siad an t-amhrán mór millteach ‘Thinking Out Loud’ d’Ed Sheeran é féin nuair a chan Ed as Gaeilge ar Ceol ’16. Chríochnaigh Seo Linn RTÉ Centenary lena n-amhrán féin, Music Makers a chuaigh go #1 sna cairt iTunes. Tá sraith teilifíse acu faoi láthair dárbh ainm Cleas Act ar TG4 gach Domhnach lena bhfeictear na buachaillí ag camchuairt timpeall na tíre ag casadh ceoil as Gaeilge i scoileanna.

Tá taithí maith faighte ag Seo Linn i scoileanna agus tá tóir ollmhór ar na gigeanna a dhéanann siad i mbunscoileanna, meánscoileanna agus coláistí na tíre freisin.
Tá Seo Linn ar bís a fhógairt go mbeidh siad ag bualadh na stáitse i Vicar Street ar an 23ú de mhí an Mheithimh. Is é seo an ghig phríomha is mó dá gcuid féin ariamh agus seó speisialta geallta acu.

Tá seitliosta leathan acu idir amhráin dá gcuid féin ón albam Solas, clúdaithe Gaeilge ar amhráin choitianta a chlúdaigh siad agus corramhrán traidisiúnta freisin. Ní fhágann siad puth fuinnimh taobh thiar dóibh agus is deacair a chreidiúint an oiread fuinnimh atá acu go dtí go bhfeictear beo iad!