Text size

(Gaeilge) #TrasnaNadTonnta

March 28, 2017

Tá an ICUF ag obair go dian ar fheachtas domhanda Twitter, darb ainm ‘Trasna na dTonnta’, a chur chun cinn an tseachtain seo!

Is ócáid í #TrasnaNadTonnta a chruthaíonn cibear-Ghaeltacht ar líne ón lá inniu, Dé Luain, an 27 Márta, go dtí Dé hAoine, an 31 Márta 2017.

Le linn na seachtaine seo tá muid ag iarraidh go mbeadh an oiread sin daoine agus is féidir (glantosaitheoirí san áireamh), ar fud an domhain, ag tvuíteáil as Gaeilge is ag úsáid an haischlib #TrasnaNadTonnta chomh minic agus is féidir.

Tá muid dóchasach go bhfeicfidh muid borradh de dhaoine thar farraige ag tvuíteáil as Gaeilge lenár haischlib le linn na seachtaine seo chun teanga na Gaeilge a cheiliúradh.

Is deis í seo do chách thar sáile bheith mar chuid den chomhrá!

Chun cabhrú linn is féidir:
• Trasna na dTonnta a leanúint is a chur chun cinn ar Twitter
• Tvuíteáil faoi do thaithí phearsanta féin leis an nGaeilge agus tú thar sáile, leis an haischlib #TrasnaNadTonnta.
• An ríomhphost seo a chur ar aghaidh chuig na cairde atá agat a mbeadh suim acu tacú leis an togra.
• Stádas a chur suas ar Facebook ag míniú go mbeidh Trasna na dTonnta ar siúl an tseachtain seo leis an nasc seo ann www.trasnanadtonnta.ie
• Do chairde a chur ar an eolas go mbeidh comórtas grianghraif ar Twitter don tseachtain – agus gheobhaidh an té leis an bpictiúr is fearr (a chuireann clib ar @Trasna17 agus an haischlib #TrasnaNadTonnta leis an tvuít) dearbhán €75 ó Ghlór na nGael!
• An fhoirm seo a chur chuig Gaeilgeoirí a bhfuil aithne agat orthu thar farraige ag iarr orthu síniú suas mar Ambasadóir Feachtais.

Mar chabhair tá cúpla tvuít samplach againn ar ár suíomh!

Gabhann muid buíochas ó chroí leat roimh ré as do chuid tacaíochta.