Text size

Tuarascál

April 18, 2013

Caithfidh muid filleadh ar thraidisiúin Eorpacha leis an tír a thabhairt slán Cé gur léir go bhfuil dearmad déanta orthu, d’aithin na tuarascálacha a scríobhadh don Roinn Airgeadais idir 2010-11 faoi chúiseanna ár ngéarchéime airgeadais bunlaigí inár saol poiblí.

Is beag a rinneadh chun iad a leigheas go dtí seo. Mar shampla, dúirt an t-eacnamaí Peter Nyborg sa tuarascáil a scríobh seisean go raibh easpa díospóireachta criticiúla ann faoinár bhfadhbanna; ní amháin i measc saineolaithe ach i measc an phobail féin. Is beag amhras a bhí orthu siúd a rinne na polasaithe nárbh acu an bealach ceart, a dúirt sé. Ghríosaigh an dioscúrsa agus polasaí poiblí cur chuige a raibh deireadh tubaisteach leis. Comhartha é seo den ghéarchéim intleachtúil atá níos measa ná an ghéarchéim eacnamúil de réir an Uachtaráin, Mícheál D. Ó hUiginn. Cuireann sé i gcuimhne dúinn an cáineadh láidir ar an meon aithriseach poiblí sa tír seo a rinne an staraí, an tOllamh Joe Lee, ina leabhar faoi pholaitíocht agus shochaí na hÉireann in 1989.  Ach tháinig an Tíogar Ceilteach agus rinneadh dearmad glan ar a cháineadh.

D’fhéadfaí a rá go léiríonn an ghéarchéim ina bhfuilimid laigí níos bunúsaí inár saol poiblí, laigí nach bhfuilimid ag tabhairt aghaidh orthu. Muna réitímid na bunlaigí sin, tá baol mór ann go ndéanfaimid arís na botúin chéanna – mar a rinneadh sna 1950í, na 1980í agus na 2000í. I bhfoilseachán nua Tábhacht na Gaeilge i dtodhchaí na tíre, bainim an chonclúid amach go bhfuilimid ag séanadh go bhfuil easpa cumais sa gcóras polaitiúil; go bhfuilimid ag séanadh go bhfuil ár ngeilleagar spleách ar chomhlachtaí iasachta; go bhfuil rátaí arda bochtanais agus seirbhísí poiblí laga againn. An fhadhb bhunúsach a d’aimsigh Lee ná go n-iomporáilimid ár modhanna smaointeoireachta ón dtaobh amuigh, ó shaol an Bhéarla ach go háirithe, seachas ár bhfadhbanna féin a iniúchadh go géar agus ár réiteach féin a chumadh dóibh. Ach ní hé Lee an chéad duine chun é seo a rá; níos mó ná 100 bliain ó shin d’aimsigh de hÍde an rud céanna ina léacht cháiliúil The Necessity for De-anglicising Ireland. Muna bhfillimis ar an nGaeilge, is náisiún d’aithriseoirí a bheadh ionainn, a dúirt sé. Mar sin is cúis iontais é a laghad airde a thugtar ar an Ghaeilge i láthair na huaire mar acmhainn chun cabhrú linn ár mbunlaigí a réiteach. Léiríonn Alan Titley ina leabhrán An Bhailbhe i lár an Bhladair an fhaillí a dhéanaimid in obair intleachtúil sa Ghaeilge i ndíospóireachtaí poiblí. Níos tábhachtaí ná sin fiú, tá léargais nua sna heolaíochtaí sóisialta a léiríonn tábhacht luachanna cultúrtha i ndul chun cinn tíortha, léargais a dhearbhaíonn an bhéim a chuir lucht na hathbheochana ar luach na Gaeilge do thodhchaí na hÉireann 100 bliain ó shin.

Ach, tar éis dúinn neamhspleáchas a bhaint amach, rinneadh dearmad orthu agus cúngaíodh ról na Gaeilge mar mhaisiúchán baoth inár saol náisiúnta. Cuirim síos i mo phaimfléad ar an tslí ina léiríonn nuálaíochtaí acadúla cé chomh forásach is a bhí lucht na hathbheochana in Éirinn ag tús an chéid seo caite. Tá sé thar am againn filleadh ar na bunléargais sin ar thábhacht na Gaeilge – mar acmhainn chultúrtha agus freisin mar acmhainn chun ár bhforbairt eacnamúil agus sochúil a fheasbhú. Tiocfaidh sin trí dhíriú ar thuiscint níos leithne agus níos doimhne ar bhunlaigí ár sochaí agus iad a shárú. Léiríonn Lee an ról lárnach a imríonn teangacha dúchais na dtíortha Lochlannacha chun forbairt rathúil a bhaint amach. An rud a thugann teanga do chultúr ná scagaire chun na gnéithe fiúntacha de gach a thagann isteach a scagadh agus a roghnú ar mhaithe le leas an phobail. Agus na gnéithe diúltacha a fhágáil ar lár. Ach inár gcásna, táimid beag beann ar an ngéarghá atá ann le scagaire den tsórt sin. Mar thoradh air sin, is baolach go dtugaimid níos mó fiúntais dó siúd a thagann chugainn isteach agus is beag is fiú dúinn na smaointe a chumaimid as ár stuaim féin. Is é sin an fáth go gcuirim mar fhotheideal ar mo phaimfléad ná The Necessity for Re-Europeanising Ireland. Ar ndóigh, is macalla é ar léacht cháiliúil de hÍde in 1893. Ach cuirimse an bhéim ar fhilleadh ar an Eoraip, ní ar dhíghalldú.

Is eisceacht í Éire san Eoraip mar nach labhraímid ár dteanga dhúchais agus nach féidir le formhór an phobail gníomhú as dhá nó trí cinn de theangacha gan dua. Is boichte go mór ár saol cultúrtha agus ár saol intleachtúil agus sóisialta. Is beag dabht ach go bhfuil an tír in ísle brí. Tá níos mó i gceist anseo ná ceisteanna eacnamúla agus airgeadais; rud a léiríonn fadhbanna forleathana ar nós féinmharaithe agus mí-úsáid drugaí. Tá géarchéim mhorálta ann agus tá géarghá le brionglóid nua chun ár samhlaíocht a ghríosú agus todhchaí nua a aimsiú. Is í an Ghaeilge an t-aon eochair atá againn chun stóras saibhir féinmhuiníne agus féinchumais a mhúscailt.

www.irishtimes.com

Foilsithe ar 17 Aibreán 2013

The Irish Times – Peadar Kirby