Text size

Uachtarán le Comhar a sheoladh

December 5, 2012

Seolfaidh Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn, eagrán na Nollag den iris, Comhar, seachtain ón lá inniu ag 6pm sa Leabharlann Náisiúnta, Baile Átha Cliath.

Tá an iris ag comóradh 70 bliain ar an saol. Dúirt an t-eagarthóir, Aifric Mac Aodha, go raibh lucht na hirise “thar a bheith bródúil as Eagrán na Nollag, go háirithe mar go gcuireann Ailbhe Ní Ghearbhuigh Máire Mhac an tSaoi faoi agallamh an mhí seo.

“Labhraíonn an file, ar comhaois leis an Stát, faoi fheidhm chatairseach na samhlaíochta: “Osclaíonn tú amach do racht, sea tagann faoiseamh leis. Is uirlis iontach ar fad é.”

“Tá scéal spraíúil leis an scríbhneoir próis Emer Ní Rónáin a spreag an clúdach fíneálta le Mark Wickham, ealaíontóir a dhéanann obair don New York Times agus atá fostaithe ina dhearthóir lánaimseartha ag Comhar.

“Munar leor sin ar fad, is fiú an t-eagrán seo a cheannach, féachaint cé hiad na daoine a ghnóthaigh Gradaim 2012 an Chúigiú Colúnaí; “An CC don Léirmheas is Míthuisceanaí ar Leabhar Gaeilge” agus “An CC don Pholaiteoir is Lú a Léirigh Tuiscint ar an Íoróin”. Tá sí sásta, mar sin? “Ceann maith is ea an ceann seo, más muid féin atá á rá!” a dúirt sí.

www.irishtimes.com
Foilsithe ar 5 Nollaig 2012