Méid an Téacs

100 Bliain tar éis Éirí Amach na Cásca – cén tionchar a bheidh ag Brexit ar an Ghaeilge?

Lúnasa 15, 2016

Leis an tsraith Plé 16, tá comóradh speisialta á dhéanamh ag Conradh na Gaeilge ar Éirí Amach na Cásca i mbliana. Seo sraith de sheimineáir agus de dhíospóireachtaí a dhéanann cíoradh ar ról na heagraíochta teanga agus ar ról na Gaeilge i saol cheannairí an Éirí Amach agus sa saol sa lá atá inniu ann. Reáchtálfar comhdháil lae i gCultúrlann Uí Chanáin i nDoire chun ceist na gceart teanga, mar a bhí agus mar atá, a scrúdú ar 20 Lúnasa 2016.

Is cinnte go mbeidh tionchar an reifrinn ar bhallraíocht na Ríochta Aontaithe san Aontas Eorpach ar mhionteangacha ina hábhar plé ar an lá, agus is chuige seo a bhfuil cuireadh chun cainte tugtha ag an gConradh do shaineolaithe a bhfuil tuiscint faoi leith acu ar an staid reatha i ndlínsí éagsúla na n-oileán seo.

Cuirfear tús leis an gcomhdháil ag 11.00rn le léacht speisialta ón scríbhneoir agus fealsúnaí Tomás Mac Síomóin a dhíreoidh ar ghluaiseacht Athbheochan na Gaeilge i gcomhthéacs na díchóilíneachta. Tá cónaí ar Thomás sa Chatalóin faoi láthair, rud a thugann peirspictíocht éagsúil dó ar cheisteanna cultúir, polaitíochta, agus na sochaí. Tá neart foilsithe ag Mac Síomóin ar cheist na Gaeilge freisin, go háirithe faoin dlúthbhaint idir gluaiseacht na Gaeilge agus Éirí Amach na Cásca.

Sa dara leath den chomhdháil, pléifidh Meri Huws, Coimisinéir Teanga na Breataine Bige; Rónán Ó Domhnaill, An Coimisinéir Teanga; Diarmaid Ua Bruadair, Príomhoide Ghaelcholáiste Doire; agus Mícheál Ó Flannagáin, dlíodóir, an chaoi ina bhfuil cúrsaí chearta teanga mar atá sa lá atá inniu ann ó thuaidh, ó dheas, sa Ríocht Aontaithe, agus san Aontas Eorpach. Feidhmeoidh Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, mar chathaoirleach ar an seimineár, a bheidh oscailte don phobal uilig saor in aisce. Beidh seirbhís aistriúcháin chomhuaineach ar fáil freisin ar an lá. Tá tuilleadh eolas ar fáil ar mheáin shóisialta Chonradh na Gaeilge, ar shuíomh idirlín an Chonartha ag www.cnag.ie, nó trí ríomhphost a sheoladh chuig 1916@cnag.ie.

Am: Satharn 20 Lúnasa, 11.00 rn

Áit: Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Mórshráid Shéamais, Doire BT48 7DF

Téama: Cearta Teanga, Inné agus Inniu

Cainteoirí: Meri Huws, Rónán Ó Domhnaill, Tomás Mac Síomóin, Mícheál Ó Flannagáin, Diarmaid Ua Bruadair

Cead isteach saor in aisce. Seirbhís aistriúcháin chomhuaineach ar fáil.

Tuilleadh Eolais: 1916@cnag.ie | 0035314757401

Tuilleadh sonraí | Further Details and Event Poster @ https://www.facebook.com/events/488834721315841/