Méid an Téacs

Ainmniúchán Smedias do Chraoltóirí Raidió na Life

Aibreán 3, 2017

 

Raidió na Life

 

Tá an-áthas ar Raidió na Life leis an scéal go bhfuil buíon craoltóirí óga ón stáisiún ainmnithe do ghradaim mhóra le rá na Smedias, a bhronnfar ag searmanas speisialta i Staid Aviva Déardaoin beag seo, 06 Aibreán.

Beidh cúigear craoltóir a bhíonn ag craoladh go rialta ar Raidió na Life ag dul san iomaíocht do ghradaim ag na Smedias, gradaim náisiúnta na hÉireann d’iriseoireacht ag mic léinn http://www.oxygen.ie/smedias-nominations-2017/
Sa rannóg Raidió Trí Ghaeilge, tá ceathrar craoltóir ainmnithe. Ina measc ainmníodh Dónall agus Óisín Ó Catháin, beirt mhac léinn ón Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bíonn na Cathánaigh le cloisteáil ar Craic Uí Chatháin gach Luan idir 18:00-19:00 ar Raidió na Life 106.4FM.
Ainmníodh Ailbhe Ní Riain sa rannóg céanna. Cuireann Ailbhe An Meangadh Mór i láthair gach Céadaoin idir 16:30-18:00 ar Raidió na Life. Tá Ailbhe ag freastal ar Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath faoi láthair.
Chomh maith leis sin, beidh Aindriú de Paor san iomaíocht do ghradam i mbliana. Bíonn Aindriú le cloisteáil mar chomhláithreoir ar An Bricfeasta Blasta gach Luan agus Céadaoin idir 08:00-09:00. Tá Aindriú ag freastal ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge faoi láthair agus tá sé ag obair linn mar oibrí deonach ó bhog sé chuig Baile Átha Cliath mar chuid dá thréimhse taithí oibre san ollscoil.
Sa rannóg don Iriseoireacht trí Ghaeilge – Scríofa, beidh Erin Lindsay ag dul san iomaíocht do ghradam mór. Bíonn Erin le cloisteáil mar chomhláithreoir ar Fios Feasa gach Céadaoin idir a 20:00-21:00 agus tá sí sa cheathrú bliain ar an ollscoil. Chaith Erin trí mhí ar shocrúchán oibre le Raidió na Life i 2016 mar chuid dá cúrsa céime. Fuair Dónal Ó Catháin ainmniúchán eile sa rannóg seo fosta.
Tá foireann Raidió na Life bródúil as na saorálaithe go léir atá ainmnithe i mbliana. Is oibrithe deonacha iad na craoltóirí ar fad agus iad ag freastal ar ollscoileanna éagsúla. Léiríonn an deascéal seo an nasc tábhachtach atá cothaithe ag Raidió na Life le breis agus scór bliain anuas le mic léinn atá ag iarraidh a gcuid scileanna léiriúcháin raidió agus scileanna iriseoireachta a fhorbairt. Guímid gach rath orthu sna gradaim an tseachtain seo agus ina ngairmeacha amach anseo!

Tá Raidió na Life ag soláthar seirbhís raidió pobail lán-Ghaeilge do mhórcheantar Átha Cliath ar bhonn oideachasúil & pobail ó 1993.  Faigheann an stáisiún tacaíocht airgeadais ó Fhoras na Gaeilge tríd an Scéim Raidió Pobail 2016-2018 a chuireann ar a chumas foireann bheag de thriúr lánaimseartha agus beirt pháirtaimseartha a fhostú.  Is ar bhonn deonach a oibríonn gach éinne eile sa stáisiúin, le idir 100 – 150 duine ag glacadh páirte ann ar bhonn deonach chuile sheachtain. Tá Bord Stiúrtha deonach ag an stáisiún chomh maith.

Tá breis agus 2,000 craoltóir tar éis taithí chraolacháin a fháil i Raidió na Life le nach mór 25 bliain anuas, ina measc craoltóirí aitheanta ar nós Sharon Ní Bheoláin (RTÉ News), Sinéad Crowley (RTÉ News), Aoibhinn Ní Shúilleabháin (RTÉ), Cormac Ó hEadhra (‘Cormac ag a 5’ RTÉ RnaG, ‘The Late Debate’ RTÉ Raidió 1 agus eile), Aedín Gormley (RTÉ Lyric FM), Colm Ó Mongáin, Rónán Ó Muirthile (Láithreoir ‘Splanc’ ar Newstalk), Cearbhall Ó Síocháin (RnaG), Fachtna Ó Drisceoil (RTÉ/RnaG), Barbara Nic Dhonnachadha (Classic Hits 4FM), Darragh Ó Tuama (Newstalk) agus neart eile nach iad.

Tá cáil ar an stáisiún as ard-chaighdeán na gclár cainte do réimse leathan aoisghrúpaí & sainspéiseanna i bpobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus aithnítear é freisin as ucht a réimse eicléictiúil ceoil.

Raidió na Life delivers vibrant radio to all age-groups and interests while striving to play every genre of music under the sun. In this respect, they stand out from the crowd and provide the best mix of music you’ll hear on radio.” – Hot Press (Márta 2014)

Déanann an stáisiún obair luachmhar le pobail mhionteangacha eile sa phríomhchathair freisin, le dornán clár á gcur i láthair i dteangacha phobail inimirceacha ar nós an Spáinnis is an Phortaingéilis, mar aon le mionteangacha cosúil leis an Chatalóinis leis.

 

 

Raidió na Life Presenters nominated for 2017 Smedias

Raidió na Life was delighted today with the news that several of the station’s young broadcasters are in the running for the prestigious Smedias awards which will be presented this Thursday, 06 April in the Aviva Stadium.

Five presenters who volunteer with the station will be in the running for the Smedias, which are Ireland’s national student journalism awards http://www.oxygen.ie/smedias-nominations-2017/

In the Irish Language radio category, four Raidió na Life presenters have been nominated. They include Dónall and Óisín Ó Catháin who are currently attending UCD. The Cathánaigh co-present Craic Uí Chatháin every Monday from 18:00-19:00 on Raidió na Life 106.4FM.

Also nominated is Ailbhe Ní Riain who presents An Meangadh Mór every Wednesday from 16:30-18:00 on Raidió na Life. Ailbhe is currently attending DIT.

Our fourth nominee is Aindriú de Paor, who co-presents An Bricfeasta Blasta on Monday and Wednesday mornings on Raidió na Life from 08:00-09:00. Aindriú is attending Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge and has been volunteering with the station since he moved to Dublin as part of his college work placement.

In the Irish Language written journalism category, Erin Lindsay who is in her final year in DIT will be in the running for an award. Erin is a co-presenter on Fios Feasa on Wednesdays from 20:00-21:00. Erin spent three months on work placement with Raidió na Life in 2016 as part of her degree course. Dónall Ó Catháin has also received a further nomination in this category.

The staff and volunteers of Raidió na Life are very proud of all those who have been nominated this year. All these nominees are volunteers with the station who attend various universities and this good news story illustrates the ties which Raidió na Life has built up over the years with students who are working to improve their radio production and journalism skills.  We wish them all the best in the awards this week and in their careers in the future!

About Raidió na Life:

Raidió na Life has been providing an all-Irish community-of-interest radio service to the Greater Dublin Area on an educational & community basis since 1993.  The station receives funding assistance from Foras na Gaeilge through its Scéim Raidió Pobail (Community Radio Scheme) 2016-2018. This funding facilitates the employment of three full-time and two part-time employees.  Everyone else involved in the station works on a voluntary basis, with 100 – 150 volunteers taking part every week. The station’s Board of Directors are also all volunteers.

Many renowned broadcasters began their broadcasting careers in RnaL over the past twenty years, including Sharon Ní Bheoláin, Aoibhinn Ní Shúilleabháin, Sinéad Crowley, Colm Ó Mongáin, Aedín Gormley (RTÉ Lyric FM), Cormac Ó hEadhra (‘The Late Debate’ on RTÉ Radio 1 and ‘Cormac ag a 5’ on RnaG), Clíona Ní Chíosáin (Aifric on TG4), Aodhán Ó Ríordáin (Senator and former government minister), Rónán Ó Muirthile (Television Producer & Newstalk’s Splanc Presenter), Cearbhall Ó Síocháin (RnaG), Fachtna Ó Drisceoil (RTÉ/RnaG), Barbara Nic Dhonnachadha (i102-104), Darragh Ó Tuama (Newstalk), and many more.

The station is recognised for its high-quality talk programming, which caters to a wide range of age groups and interests amongst those who either speak Irish or simply have an interest in our native tongue. The station is also widely praised for its eclectic range of music shows, presented through the medium of Irish.

The station also caters to other minority language communities, with several shows presented in languages such as Spanish and Portuguese, as well as specific fellow minority languages such as Catalan.