Méid an Téacs

An Aibítear Bheo Bheathach Ghrámhar

Aibreán 11, 2017

 

Intro_Erasmus1

AN ÚDAR NÓ MAISITHEOIR TÚ AR LEABHAIR GHAEILGE DO PHÁISTÍ? TÁ OSCAILT  LEABHAIR
OIDEACHASÚLA DO PHÁISTÍ RÉAMHSCOILE AGUS DO PHÁISTÍ 4-8 BLIANA d’AOIS?

Fáiltítear roimh léiriú spéise ó údair fhoilsithe agus ó nua-údair Ghaeilge atá ag teacht chun cinn agus ó mhaisitheoirí leabhar do pháistí, iad siúd a bhfuil suim acu bheith páirteach sa tionscadal ceannródaíoch trasnáisiúnta um fhorbairt don óige atá á chómhaoiniú faoi Chlár Erasmus agus Óige an Aontais Eorpaigh (2016 – 2019).
Ní mór d’iarrthóirí a bheith ocht mblian deag d’aois nó os a chionn agus a bheith in ann punann dá gcuid oibre go dtí seo a chur isteach leis an iarratas chun gur féidir iad a mheas sa phróiseas roghnúcháin seo. Má roghnaítear thú le bheith rannpháirteach; Maoineofar thú (an t-iomlán) chun trí mhí a chaitheamh sa Ghearmáin ó Bhealtaine 2017.

Rachaidh tú ann le húdair agus maisitheoirí eile ón nGearmáin, ón bhFrainc, ón Tuirc, ón Liotuáin, ón Rómáin agus ó Phoblacht na Seice agus beidh deis agat smaointe a mhalartú agus plé a dhéanamh ar stíleanna agus ar theicnící le daoine cruthaitheacha eile ó chultúir eile.

Beidh dian-induchtú ann ar an modh múinteoireachta nuálach atá bunaithe ar an eolaíocht chun léamh agus scríobh a mhúineadh do pháistí 3 – 8 mbliana d’aois, nó is é seo is bun le tionscadal Óige Erasmus+, An Aibitir Bheo Bheathach Ghrámhar.
Cuirfear an oiliúint ar fáil i mBéarla, i nGearmáinis agus i bhFraincis.
Beidh deis iontach agat forbairt ghairmiúil a dhéanamh mar údar nó mar mhaisitheoir, agus tacóidh an deis seo leat san obair chruthaitheach a dhéanann tú féin agus ag an am céanna tabharfaidh sé deis duit níos mó a fhoghlaim faoi oideachas páistí agus múinteoirí.
Spreagfar thú le leabhar maistithe do pháistí a chruthú i nGaeilge, agus beidh sé seo ag teacht leis an modh múinteoireachta chun léamh agus scríobh a mhúineadh atá bunaithe ar an eolaíocht agus an curaclam nua-fhorbartha a bhaineann leis.
Foilseofar do shaothar i bhfoirm leabhair mar leagan Gaeilge sa tsraith leabhar inspioráideach do pháistí atá ar fáil go hidirnáisiúnta faoi choimirce thionscadail na hAibítre Beo Beathaí Grámhaire.

 

Chomh maith leis an saothar a bheith ina théacs oideachasúil, beidh do shaothar ina shuaitheantas nua-aoiseach cultúrtha Éireannach a mbeidh tarraingt ag turasóirí air. I 2019, bliain dheiridh an tionscadail, cuirfear do chuid oibre i láthair agus déanfar í a chur chun cinn ag imeachtaí a bheidh ar siúl i 6 thír laistigh de chomhthéacs TAISPEÁNTAIS THAISTIL.
Má tá spéis agat tuilleadh eolais a fháil faoin deis iontach seo, gabh i dteagmháil, más é do thoil é, le Comhpháirtí Thionscadal SourceResource in Éirinn ag an seoladh ríomhphoist: gemma@sourceresource.ie nó cuir glaoch ar: +353 (0)46 9557607. Tá muid ag súil le cloisteáil uait!