AN CHOMHAIRLE UM OIDEACHAS GAELTACHTA AGUS GAELSCOLAÍOCHTA
Lúnasa 30, 2016
Tá folúntas sealadach (3 mhí) ag COGG do riarthóir oifige.
Is gá Gaeilge labhartha agus scríofa ar ardchaighdeán a bheith ag an té a cheapfar, chomh maith le heolas ar an gcóras airgeadais SAGE.
Beidh gnáth fhreagrachtaí riaracháin oifige i gceist.
Tuarastal: €2800 in aghaidh na míosa.
Is i mBaile Átha Cliath atá COGG lonnaithe.
Seol CV chuig poist@cogg.ie roimh 4pm Déardaoin 8 Meán Fómhair 2016