Méid an Téacs

An Gaeloideachas – croílár na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge

Samhain 25, 2010

D’oscail An tAire Pat Carey Comhdháil Bhliantúil agus Oideachais GAELSCOILEANNA TEO. a reáchtáladh ar an Tulach Mhór ar an 19 agus 20 Samhain le h-óráid tráthúil a thug ardú meanman don slua mór príomhoidí, múinteoirí, aíonna, eagrais Gaeilge agus gaeloideachais a bhí i láthair.

Thug sé aitheantas oifigiúil don ról fíor-thábhachtach a bheidh ag na scoileanna lán-Ghaeilge i bhforbairt na straitéise 20 bliain don Ghaeilge agus do na heagrais dheonacha Gaeilge a bheidh lárnach do thodhchaí na Gaeilge mar theanga bheo.

Rinneadh ceiliúradh ar dhíograis agus ar dhúthracht Mhíchíl Uí Mhuircheartaigh ar son earnáil na gaelscolaíochta i ndiaidh d’Ó Muircheartaigh óráid bhreá a tabhairt ar thábhacht na gaelscolaíochta sa tsochaí, sa stair agus sa todhchaí.

Labhair Príomhchigire Cúnta na Roinne Oideachais agus Scileanna, Éamonn Murtagh ar thacaíocht iomlán na Roinne don ghaeloideachas, agus d’aithin sé ról lárnach na gaelscolaíochta agus obair luachmhar na múinteoirí i gcur chun cinn na straitéise. Leag sé béim ina chuid cainte ar luachanna agus ar bhuntáistí an chórais tumoideachais agus  thagair sé don dul chun cinn atá déanta ar cheist an luath-thumoideachais de bharr comhráití leanúnacha le GAELSCOILEANNA TEO., eagrais eile agus scoileanna . Dúirt Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach na heagraíochta ina leith, “fáiltímid go mór roimh aitheantas agus tacaíocht oifigiúil na Roinne don chóras oideachais is éifeachtaí sealbhaithe teanga in Éirinn. Beimid ag súil go mór le dul i gcomhairle leis an Roinn maidir leis an dréacht Ionstraim reachtúil a bheidh á eisiúint go luath chun a chinntiú go léireofar tríd an reachtaíocht nua buanna iomlán an chórais”. Ghabh sí buíochas le rannpháirtithe uile na Comhdhála thar an dá lá a “chuir go gníomhach agus go paiseanta le rath na Comhdhála. Is iontach an rud é an fonn láidir ceiliúrtha a fheiceáil ar ardchaighdeáin oideachais sna scoileanna lán-Ghaeilge agus táimid thar a bheith buíoch do na scoileanna lán-Ghaeilge a ghlac páirt ghníomhach sa phlé agus sna díospóireachtaí”.

Ina aitheasc, d’éiligh Mícheál Ó Broin, Uachtaráin na h-eagraíochta ar an Roinn Oideachais agus Scileanna, “beart a dhéanamh de réir briathair i gcomhthéacs forbairt na hearnála gaelscolaíochta trí  infheistíocht chuí a dhéanamh sa chóras, ach go háirithe sna saincheisteanna práinneacha a bhaineann le cóiríocht chuí do scoileanna agus bunú scoileanna nua chun freastal ar an éileamh ollmhór.”

D’fhreastail níos mó ná 250 duine ar an gComhdháil agus bhí ionadaíocht ann ó na bunscoileanna, na hiar-bhunscoileanna agus na heagrais Ghaeilge agus oideachais ar bhonn 32 contae. Beidh ábhar na gcur i láthair agus na gcainteanna ar fáil go luath ar shuíomh gréasáin na heagraíochta, www.gaelscoileanna.ie.

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge.  Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin.