Méid an Téacs

An Gaeloideachas – croílár na Straitéise fiche bliain don Ghaeilge – téama tráthúil Comhdháil Bhliantiúil 2010 Gaelscoileanna Teo.

Deireadh Fómhair 14, 2010

Sheol an Comhairleoir áitiúil Seán O’Brien Comhdháil Oideachais Bhliantúil 2010 GAELSCOILEANNA TEO. go hoifigiúil aréir san óstán Tullamore Court, an Tulach Mhór, ionad roghnaithe na Comhdhála don bhliain 2010 a bheidh ar siúl ar an 19 agus an 20 Samhain.

D’aithin an seoladh oifigiúil go gcuireann an Chomhdháil ardán tábhachtach ar fáil do Phríomhoidí, Múinteoirí, Tuismitheoirí, Baill de Choistí na dTuismitheoirí, Baill de na Boird Bainistíochta, agus ionadaithe na n-Eagras Gaeilge agus Oideachais, chomh maith le pobal na Gaeilge agus pobal na scoileanna lán-Ghaeilge maguaird teacht le chéile agus ceiliúradh a dhéanamh ar an ngaeloideachas.

Agus í ag tagairt do mhana na Comhdhála, An Gaeloideachas – croílár na Straitéise fiche bliain don Ghaeilge, míníonn Ardfheidhmeannach na hEagraíochta, Bláthnaid ní Ghréacháin tráthúlacht na mana seo, “agus an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge ar tí a bheith foilsithe, cuirtear os comhair ár súile comhthéacs agus tábhacht bhunúsach  an ghaeloideachais i bhforbairt thodhchaí na teanga. Tugann an t-aitheantas agus na gealltanais atá leagtha amach sa Straitéis chun leasa earnáil an ghaeloideachais ról lárnach do lucht riartha an oideachais, d’eagrais tacaíochta ar nós GAELSCOILEANNA TEO. agus do chleachtóirí sna scoileanna i múnlú na todhchaí.”

Fáiltíonn sí go mór roimh dheimhniú an Aire Carey go mbeidh sé ag tabhairt léargas don phobal ag an gComhdháil faoin tábhacht a fheiceann sé i gcoitinne agus don Rialtas leis an earnáil ghaeloideachais.

I dtaobh Clár na Comhdhála deir ní Ghréacháin “tá clár an-chuimsitheach curtha le chéile do Comhdháil Bhliaintúil 2010 agus tá aiseolas an-dearfach faighte againn ó phobail na scoileanna ina thaobh, ach go háirithe i dtaobh an meascán de theoiric agus ceardlanna praiticiúla. Tá an-áthas orainn a bheith in ann freastal ar riachtanais na scoileanna ó thaobh oiliúna de agus táimid cinnte go mbeidh idir thairbhe agus taitneamh ann do phobail uile na scoileanna”.

Ag ócáid seolta oifigiúil na Comhdhála, chuir Uachtarán na hEagraíochta, Mícheál Ó Broin, fáilte ar leith roimh an phobail áitiúil, “táimid fíor-bhuíoch de Ghaelscoil Eiscir Riada agus Gaelscoil Éadan Doire ach go háirithe atá ag cabhrú linn chun an pobal a chur ar an eolas agus chun cuireadh a leathnú dóibh chun na Comhdhála. Is mór an tacaíocht atá á tabhairt acu agus ag gníomhairí eile sa cheantar chun a chinntiú gur Comhdháil mhealltach fiúntach a bheidh ann agus léiríonn a gcúnamh an tábhacht a bhaineann le forbairt an scoilphobail agus ionchur daoine áitiúla i bhforbairt na scoileanna lán-Ghaeilge”.

D’fhógair Ó Broin forbairt nua do Comhdháil Bhliantúil 2010, “tá an-áthas orm a fhógairt go mbeidh múinteoirí ó ghaelscoileanna sa Tuaisceart linn don Chomhdháil mar chuid de thogra nua comhoibrithe agus go mbeidh deis ag múinteoirí saineolas agus dea-chleachtas a roinnt lena chéile ón dá dlinse.”

Mar fhocal scoir ag an ócáid inniu, ghabh sé buíochas mór leis na páistí a chuir ceol den scoth ar fáil mar bhlas beag ar an gceiliúradh a bheidh romhainn ag an gComhdháil. Chuir sé fáilte uí Cheallaigh roimh mhuintir na háite agus an pobal i gcoitinne a bheith linn don Chomhdháil ar an 19 agus an 20 Samhain.

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge.  Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin.  

Críoch

Do lucht na Meáin Chumarsáide ag súil le freastal ar an gComhdháil Bhliantúil san Óstán Tullamore Court ar Aoine an 19 Samhain, nó d’éinne eile ag lorg eolais, moltar teagmháil a dhéanamh le:

Oifig ag 01-8535195 nó Bláthnaid ní Ghréacháin ag 086 8050335/Mícheál Ó Broin ag 0879467700.