‘An Léamh Mór’ i gCeatharlach
Iúil 9, 2013
Cuireadh tús le Léamh Mór an tSamhraidh ins na leabharlanna uile i gContae Cheatharlach ar an 1ú Iúil.
‘Séard atá i gceist leis An Léamh Mór ná tionscnamh atá eagraithe ag foirne na gceithre leabharlann chun páistí a spreagadh agus a mhealladh agus carn leabhar a léamh i rith an tsamhraidh agus iad ar saoire ón scoil. Tá an tionscnamh dírithe ar bhuachaillí agus ar chailíní idir aois a sé bliana agus dhá bhliain déag d’aois agus mairfidh an scéim go dtí 31ú Lúnasa. Tá na leabharlanna i mBaile Cheatharlach, Buiríos, Muinebheag agus sa Tulach ag reachtáil na scéime i mbliana.
Níl le déanamh ag na leitheoirí óga ach iad féin a chlárú don tionscnamh léitheoireachta in a leabharlann áitiúil agus cárta dílseachta a bhailiú. Cuirfear stampa ar an gcárta gach uair a thógann siad leabhar amach agus nuair a bheidh deich stampa air cuirfear an cárta isteach le haghaidh crannchuir ag deireadh Lúnasa. Níl teora leis an méid leabhair gur féidir a léamh ná an méid cártaí gur féidir a líonadh ach ar ndóigh dá mhéid sea is mó seans ar dhuais a bhuachaint. Reachtálfar ócáid mhór sa fómhar do na léitheoirí go léir nuair a bronnfar na duaiseanna chomh maith le teastais léitheoireachta. Tá fáilte roimh chách agus is féidir tosú ag am ar bith. Tá gach eolas faoi An Léamh Mór ar fáil ar www.carlowlibraries.ie nó 059 9129705 nó ón leabharlann áitiúil.
www.carlow-nationalist.ie
Foilsithe ar Gaelport.com 9 Iúil 2013
Carlow Nationalist – Glór Ceatharlach