Méid an Téacs

An Saol in Éirinn sa bhliain 1916: Scéalta ó staitisticí

Samhain 15, 2016

An Saol in Éirinn sa bhliain 1916: Scéalta ó staitisticí, foilseachán de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh, seolta inniu ar www.cso.ie

Tugtar léargas san fhoilseachán seo ar an saol mar a bhíodh céad bliain ó shin, le meascán de staitisticí, scéalta daoine aonair agus grianghraif na linne sin.

Is féidir teacht ar an bhfoilseachán féin chomh maith le hábhair tánaisteacha (a bheadh úsáideach do mhúinteoirí agus do theagascóirí) anseo: http://www.cso.ie/en/baile/staitistici/AnSaolinEirinn1916/

Tá fáil chomh maith ar an leagan clóite den fhoilseachán seo ach é a iarraidh ón Aonad Eolais sa Phríomh-Oifig Staidrimh ar ríomhphost chuig eolas@cso.ie nó glaoch a chur ar (021) 453 5017.