Méid an Téacs

An Tumoideachas – Sár-Oideachas

Samhain 14, 2006

An Tumoideachas – Sár-Oideachas

Cuirfidh an tAire Oideachais agus Eolaíochta, Mary Hanafin tús le Comhdháil Oideachais agus Bhliantúil GAELSCOILEANNA TEO., ar an Aoine an 17 Samhain 2006 ag 9.30r.n in Óstán an Glenroyal i Maigh Nuad, Co. Chill Dara.

In éineacht leis an Aire a bheas ann don bhfáiltiú ar maidin is cúis áthais dúinn freisin é go mbeidh an Coimisinéar Teanga, Seán Ó Cuirreáin ag oscailt na Comhdhála go hoifigiúil ag a 8i.n. an tráthnóna céanna.

Áirítear i measc na nAoíchainteoirí thar an tréimhse dhá lá, beidh an Dr. John Harris, údar na Tuarascála: An Ghaeilge sna Bunscoileanna: Treochtaí Náisiúnta Fadtéarmacha in Inniúlachtaí, a phléfidh torthaí a shaothair linn. Thar an dá lá pléfidh idir cleachtóirí agus saineolaithe sainceisteanna tábhachtacha ar an nGaeloideachas ón réamhscolaíocht ar aghaidh ach ag an mbunleibhéal agus an dara leibhéal ach go háirithe. Áirítear i measc na n-ábhar plé teanga agus tús na leitheoireachta sna naíonáin; forbairt agus pleanáil uile-scoile; cothú scoilphobail, an córas tumoideachais, buanú scoileanna, chomh maith le foinsí tacaíochta d’iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

Dar le Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO.,

"Tá an tumoideachas ar cheann de na mórthéamaí oideachais atá á plé go hidirnáisiúnta le tamall anuas. Tá an-áthas orainn an deis a bheith againn dea-chleachtais an chórais tumoideachais in Éirinn a phlé, ón teoiric go dtí an cleachtas i bhfóram oscailte. Beimid ag súil go mór le bualadh le múinteoirí, príomhoidí, tuismitheoirí, eagraíochtaí Gaeilge agus Oideachais thar an dá lá, agus cuirim fáilte fíorchaoin roimh chách."

Tiocfaidh an Chomhdháil Bhliantúil chun deiridh leis an gcríoch oifigiúil agus lón éadrom ina dhiaidh ar an Satharn.

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lánGhaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin.

Clár na Comhdhála agus breis eolais: Seán Ó hAdhmaill, GAELSCOILEANNA TEO. 01-6398431

Críoch