Méid an Téacs

Anois atá tú ag caint! – Léitheoir Gréasáin ABAIR

Meitheamh 22, 2017

logo_m

Is seirbhís ar líne é Léitheoir Gréasáin ABAIR a chuireann sintéis téacs-go-hurlabhra (TTS) as Gaeilge ar fáil do shuíomhanna gréasáin. I bhfocail eile, táthar in ann éisteacht leis an téacs agus é á “léamh” amach ós árd ag an ríomhaire.

An fáth a bhfuil sé tábhachtach

Má chuirtear sintéis TTS le suíomh gréasáin, beidh an suíomh sin inúsáidte do dhaoine atá faoi
mhíchumas radhairc. De réir an Achta um Míchumas 2005, §26 (1)(a)), tá ceangal dlí ar chomhlachtaí poiblí é a chur ar fáil ar a gcuid suíomhanna gréasáin an fhad is atá sé indéanta agus iomchuí (“where practicable and appropriate”). Go dtí le gairid, ní raibh sé sodhéanta sintéis TTS don Ghaeilge a chur le suíomhanna gréasáin, fadhb atá réitithe ag Léitheoir Gréasáin ABAIR anois.

Ní daoine atá faoi mhíchumas radhairc amháin a bhaineann úsáid as sintéis TTS. Uaireanta teastaíonn ó dhaoine a bhfuil radharc na súl go maith acu téacs a bheith léite amach dóibh ós árd freisin, altanna i bpáipéir nuaíochta cuir i gcás.

Tréithe
Tá trí ghlór ag Léitheoir Gréasáin ABAIR a fhreagaríonn do trí mhórchanúintí na Gaeilge: Gaeilge Uladh, Gaeilge Chonnacht agus Gaolainn na Mumhan. Tá chuile cheann acu múnlaithe ar ghlór chainteora dhúchais. Is féidir luas na cainte a athrú (go mall, gnáthluas agus go tapa), agus tá uirlis ann a dhéanann focail is abairtí a aibhsiú de réir mar a léitear amach iad.

Gheofar tuilleadh eolais ag www.abair.ie/apps/features.html nó…bain triail as tú féin ag www.abair.ie/apps/testit.html!

Saor in aisce
Tá Léitheoir Gréasáin ABAIR ar fáil saor in aisce le haghaidh úsáid neamhthrádálach. Tá cead é a
úsáid fiú ar shuíomh gréasáin trádálach an fhad is go mbeidh úsáid an Léitheora Ghréasáin saor ó
chostas.

Tá an tionscadal ABAIR (www.abair.ie) maoinithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus COGG.