Méid an Téacs

Aontaíonn Comhaltas ar Fhleadh Dhoire

Bealtaine 14, 2012

Bhuail an coiste feidhmiúcháin d’Fhleadh Cheoil na hÉireann 2013 le chéile don chéad uair an tseachtain seo le pleananna na bliana seo chugainn a chinntiú. Tháinig an grúpa, air a bhfuil ionadaithe ó eagraíochtaí sibhialta, chomh maith le craobhacha Chomhaltas cúigeacha agus náisiúnta, le chéile i gCultúrlann Uí Chanáin le plé a dhéanamh ar struchtúir don imeacht stairiúil a bheas ar siúl i nDoire i mí Lúnasa 2013. Dúirt Cathaoirleach na Fleidhe 2013, agus Cathaoirleach Chomhaltas Dhoire, Eibhlin Ní Dhochartaigh “Beidh muidne i gComhaltas Dhoire ag óstáil Fleadh Cheoil na hÉireann 2013 – agus cinnteoidh muid go mbeidh sé ina imeacht speisialta.  Beidh ráchairt na Fleidhe ag brath orainn uilig ag comhoibriú le chéile.  Bhí cinnteacht na Fleidhe ag teacht go Doire ina turas fada, crua ach ba mhaith liom anois bogadh chun tosaigh i spiorad na heagraíochta onórach seo agus an chéad Fhleadh i dtuaisceart na hÉireann a sholáthar.  Ba mhaith liom teachtaireacht aontachta  a chur amach ansin, go bhfuil gach aon duine atá ar an choiste feidhmiúcháin seo céad faoin gcéad ar son na Fleidhe seo.

Is í an Fhleadh an ceiliúradh is mó domhanda de chultúr traidisiúnta na hÉireann agus tógann sí léi níos mó na ceathrú milliún cuairteoirí, agus is féidir léi €40 milliún a chur isteach sa gheilleagar áitiúil. Le haghaidh tuilleadh eolais tabhair cuairt ar: www.2013fleadh.ie, r-phost eolas@2013fleadh.ie nó cuir scairt ar +44 28 71 264132.

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le: Anne-Marie Gallagher, annemarie@culturlann-doire.ie ; +44 775 971 1057; +442871 264132
Pictiúir ar fáil le híoslódáil anseo: https://www.box.com/s/5096988080475390e654