Méid an Téacs

Áthas agus díomá léirithe i dtaobh fhógra an Aire Oideachais & Scileanna maidir le bunscoileanna nua

Bealtaine 19, 2016

Áthas agus díomá léirithe i dtaobh fhógra an Aire Oideachais & Scileanna maidir le bunscoileanna nua

Beidh ceiliúradh ann i nDeisceart Bhaile Átha Cliath le fógra an Aire Bruton go bhfuil bunscoil ilchreidmheach lán-Ghaeilge nua aitheanta don cheantar. Faraor, ábhar ollmhór díomá atá san fhógra céanna do na tuismitheoirí a léirigh tacaíocht ollmhór don bhunscoil ilchreidmheach lán-Ghaeilge nua a bhí molta do cheantar Marino, Dhroim Conrach agus Bhaile Áth Cliath 1, éileamh atá diúltaithe ag an Aire agus an Roinn Oideachais & Scileanna.

Bunscoil ilchreidmheach lán-Ghaeilge nua le hoscailt i Stigh Lorgan/Baile na nGabhar

Ba mhaith le Gaelscoileanna Teo. comhghairdeas mór a dhéanamh le pobal agus pátrún na mbunscoile lán-Ghaeilge nua atá le hoscailt i gceantar Stigh Lorgan/Bhaile na nGabhar i mí Mheán Fómhair, de réir fhógra an Aire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton, inniu.

“As 3 bhunscoil nua beartaithe do Mheán Fómhair 2016, fáiltímid roimh fhógra an Aire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton, TD inné go mbeidh scoil ilchreidmheach lán-Ghaeilge ina measc”, a deir Oifigeach Sinsearach Polasaí & Forbartha, Clare Spáinneach. “Is cinneadh an-dearfach é seo a chinntíonn go mbeidh oideachas lán-Ghaeilge ar fáil mar rogha do pháistí a bhfuil suim ag a dtuismitheoirí sa chóras luath-thumoideachais; córas a thugann buntáistí ar leith don uile páiste. Beidh an scoil seo ag freastal ar pháistí de gach cineál cúlra teanga, creidimh agus cultúr agus cabhróidh sí go mór i dtaobh freastal ar an éileamh ollmhór atá ann ar oideachas ilchreidmheach trí mheán na Gaeilge”.

 

Osclófar an scoil faoi phátrúnacht an Fhoras Pátrúnachta. Socrófar cóiríocht chuí di le tacaíocht na Roinne Oideachais agus ceapfar príomhoide don scoil go luath. Osclóidh an scoil le rang naíonáin amháin. Is féidir le tuismitheoirí a bhfuil suim acu clárú don scoil dul i dteagmháil le Cormac Mc Cashin, Bainisteoir Riaracháin & Tacaíochta, An Foras Pátrúnachta chun tuilleadh eolais a fháil: cormac@foras.ie nó  01 629 4110.

 

Tuismitheoirí i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath fágtha gan rogha dá bpáistí

Is ábhar mór díomá é, áfach, do phobal Marino, Dhroim Conrach agus Bhaile Átha Cliath 1 nár aithníodh an t-éileamh ollmhór ar oideachas lán-Ghaeilge ilchreidmheach sa cheantar sin. “Rinne coiste bunaithe an cheantair scoth na hoibre ó d’aithin an Roinn an ceantar sin mar cheantar do bhunscoil nua agus fuarthas 733 léirithe spéise ó thuismitheoirí áitiúla” a dúirt Ciara Ní Bhroin, Oifigeach Forbartha le Gaelscoileanna Teo. agus stiúrthóir an fheachtais sa cheantar. “Níl na scoileanna lán-Ghaeilge sa cheantar ábalta freastal ar an éileamh mór atá ar áiteanna scoile agus níl aon scoil lán-Ghaeilge ilchreidmheach sa chomharsanacht seo. Ní dhéanfaidh bunú na scoile nua, a bheidh ag teagasc trí Bhéarla, freastal ar mhianta na dtuistí seo dá bpáistí, agus níl aon áit eile ann dóibh”. Beidh Gaelscoileanna Teo. ag lorg achomharc ar cinneadh na Roinne gan aitheantas a thabhairt don scoil lán-Ghaeilge nua, agus leanfar leis an stocaireacht ar son cearta oideachais an 733 páiste a bhí ar liosta na scoile molta.

Is eagraíocht dheonach náisiúnta í Gaelscoileanna Teo. a thugann tacaíocht d’fhorbairt na scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal. Ó Iúil 2014, tá Gaelscoileanna Teo. freagrach mar cheanneagraíocht as an réimse Tumoideachas/Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge. Áirítear i measc róil agus feidhmeanna na heagraíochta comhairle, cúnamh agus tacaíocht do dhaoine ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí, mar aon le seirbhís tacaíochta do naíonraí agus scoileanna.