Méid an Téacs

 Bainisteoir Cúram Leanaí á earcú

Lúnasa 3, 2017

Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Teo

Fáiltíonn an tIonad Tacaíochta Teaghlaigh Teo., Indreabhán roimh iarratais do phost mar Bhainisteoir Cúram Leanaí ar an Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Teo. Beidh an té a cheapfar freagrach as riaradh agus bainistiú na seirbhíse ina hiomláine.

Ní mór d’iarrthóirí na cáilíochtaí/an taithí seo a leanas a bheith ina seilbh:
Taithí bainistíochta/riaracháin a bheith acu chomh maith le taithí agus cáilíocht sa réimse cúram leanaí.
Tá cáilíocht FETAC Leibhéal 6 riachtanach nó níos airde agus bheadh cáilíocht tríú leibhéal sa réimse cúram leanaí ina bhuntáiste.

Seoltar iarratais agus C.V. chuig:
An Rúnaí, An I.T.T. Teo.  Na hAille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe roimh 5.00i.n. an 24ú Lúnasa 2017
Eolas breise ar fáil maidir le dualgais an phoist ach teagmháil a dhéanamh le 091 593017 nó ríomhphost a sheoladh chuig ittt@eircom.net.