Méid an Téacs

Cearta teanga á lorg don Nollaig

Nollaig 16, 2013

Tús curtha go poiblí le feachtas nua ar son chearta agus comhionannais do mhuintir na Gaeilge agus Gaeltachta.

Bhailigh grúpa de 50 mac léinn taobh amuigh den Dáil ar De hAoine, 13 Nollaig 2013, le litreacha a bhronnadh ar Dhaidí na Nollag ag iarraidh cearta teanga a fháil ón Rialtas don Nollaig.
Is iad Conradh na Gaeilge agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ)a d’eagraigh agóid an lae inniu mar chuid d’fheachtas úr a n-eascraíonn as fógra an Choimisinéara Teanga, Seán Ó Cuirreáin, go mbeidh sé ag éirí as a ról ar 23 Feabhra 2013 de bharr easpa spéise an Rialtais i leith teip an Rialtais i leith chur i bhfeidhm beartais reachtaíocht teanga ag leibhéal an Stáit.
Tá an feachtas curtha ar bun ag Conradh na Gaeilge chun tacú le seasamh agus moltaí an Choimisinéara Teanga, agus míshástacht phobal na Gaeilge a léiriú don Rialtas trí fheachtas leanúnach le rannpháirtíocht an-láidir a reáchtáil.
Ag caint ar agóid an lae inniu, dúirt Leas Uachtarán don Ghaeilge le hAMLÉ, Feidhlim Seoighe, “Is ionann cearta teanga agus cearta daonna; níl á lorg ag AMLÉ agus Conradh na Gaeilge ón Rialtas um Nollaig ach go bhfaigheadh an Ghaeilge an comhionannas atá ag dul di ón stát. Níl uainn ach go dtabharfadh an Rialtas a gceart bunúsach do Ghaeilgeoirí chun an Ghaeilge a úsáid agus iad ag plé le comhlachtaí stáit – ní gaotaireacht gháifeach amháin – agus ní mór dóibh cabhair seachas constaicí a chur roimh Oifig an Choimisinéara Teanga ina cuid oibre chun cearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chosaint”.
Bunaithe ar mholtaí an Choimisinéara Teanga agus obair idir láimhe cheana féin, tá i gceist ag an bhfeachtas na héilimh a leanas a bhaint amach:

  • Is gá Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú agus ní a lagú in 2014 (Oifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil neamhspleách agus a láidriú san áireamh)
  • Is gá dáta a shocrú go mbeidh Gaeilge ag fostaithe an Stáit a bheidh ag freastal ar phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll – ní féidir leanúint ag tabhairt ar chainteoirí dúchais Gaeilge an Béarla a úsáid agus iad ag déileáil le heagraíochtaí stáit
  • Go mbeidh an líon earcaíocht san earnáil phoiblí do dhaoine le hinniúlacht i nGaeilge agus i mBéarla araon ardaithe ó 6% go 30% don chéad deich mbliain eile
  • Nach leanfaí leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach tar éis an 1 Eanáir 2017
  • An Pobal Gaeilge agus Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ó dheas agus an Straitéis don Ghaeilge ó thuaidh. Is gá na struchtúir riachtanacha ardleibhéil a chur ar bun láithreach idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Donnchadh Ó hAodha, “Is tromchúiseach an cáineadh ar an Rialtas é gur mhothaigh an t-ombudsman do chearta teanga – ceaptha ag Uachtarán na hÉireann – nach raibh de rogha aige ach seasamh siar óna phost tráth gur chosúil go bhfuil dhá choiscéim á dtabhairt ar gcúl do gach ceann a thugtar chun tosaigh i gcur chun cinn na Gaeilge san earnáil phoiblí”.
“Tá Conradh na Gaeilge agus AMLÉ ag éileamh ar an Rialtas an scéal a chur ina cheart mar ábhar práinne trí aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna atá ag déanamh imní don Choimisinéir Teanga láithreach, agus trí thacú le cearta teanga phobail na Gaeilge agus na Gaeltachta ar fud na tíre sula seasann Seán Ó Cuirreáin siar san Athbhliain”, a dúirt sé.
Tionólfar cruinniú poiblí i dtaca an fheachtais agus na moltaí luaite i mBaile Átha Cliath ar 11 Eanáir 2014.

Foilsithe ar Gaelport.com