Méid an Téacs

Clár spreagúil do dhaoine óga fógartha ag Gael Linn don scoilbhliain 2016/2017!

Lúnasa 23, 2016

Tabharfar deis do dhaoine óga a bheith gníomhach i ngnéithe éagsúla de shaol na Gaeilge faoin gclár cuimsitheach scéimeanna atá leagtha amach ag Gael Linn don scoilbhliain 2016/2017, a bhformhór urraithe ag Foras na Gaeilge.

Beidh spéis ar leith ag scoláirí Gaelscolaíochta sna comórtais díospóireachta, ceoil, drámaíochta agus caint phoiblí a leanas a bheidh ag tosú go luath:

Comórtas Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain: Comórtas díospóireachta do iar-bhunscoileanna a ndéantar teagasc trí Ghaeilge iontu
Scléip: Comórtas tallainne dírithe ar iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge – an bhéim ar chomhaimsearthacht. Coirm: Féilte siamsaíochta stáitse ar fud na tíre dírithe ar ghaelscoileanna agus ar bhunscoileanna gaeltachta Siansa: Comórtas agus ceardlanna ceoil do ghrúpaí traidisiúnta le ceoltóirí óga idir 12 agus 19. Craobhchomórtas sa Cheoláras Náisiúnta, le duaischiste €4,500.
Abair: Comórtas cainte poiblí d’iar-bhunscoileanna i gCúige Uladh
Tráth na gCeist: Sraith de ócáidí quizbhoird do iar-bhunscoileanna i gCúige Uladh

Tá gach eolas, mar aon le foirmeacha iarratais, ar fáil anois ar www.gael-linn.ie nó trí theagmháil a dhéanamh le Gael Linn 01: 6751200 /eolas@gael-linn.ie.

Siansa2017Cludach Scléip2017Cludach Coirm2017Cludach Cadhain2017Cludach