COIRM GAEL LINN 2016 BUAILTE LINN!
Feabhra 2, 2016
Tá féilte COIRM GAEL LINN 2016 buailte linn ! Naoi gcinn ar fad de fhéilte aonlae a bheidh a reáchtáil timpeall na tíre le linn mhí Feabhra agus mhí an Mhárta:
- Dé Máirt, 9 Feabhra – Amharclann Phlás an Mhargaidh, Ard Mhacha
- Dé Céadaoin, 10 Feabhra – Amharclann an Ionaid Óige, Mainistir Fhear Muí, Co. Chorcaí
- Déardaoin, 11 Feabhra – Amharclann Naomh Micheál, Ros Mhic Thriúin, Co. Loch Garman
- Dé Céadaoin, 24 Feabhra – Amharclann Clasach, Fionnradharc, Baile Átha Cliath
- Déardaoin, 25 Feabhra – An Grianán, Leitir Ceanainn
- Dé Máirt, 1 Márta – Amharclann an Hawk’s Well, Sligeach
- Dé Céadaoin, 2 Márta – An tÁras Ealaíne, An Muileann gCearr
- Dé Máirt, 8 Márta – Siamsa Tíre, Trá Lí
- Dé Luain, 14/Dé Máirt 15 Márta – Amharclann na Cathrach, Gaillimh
Tá sé mar aidhm ag COIRM spreagadh a thabhairt do lucht bunscoile seó i nGaeilge a chur ar an ardán a léireoidh na tallanna éagsúla atá ag daltaí na scoile, bídís ón rang céanna nó ó ranganna éagsúla. Sa tslí seo, tá Gael Linn ag súil meas agus spéis na bpáistí sa Ghaeilge a neartú agus deis a thabhairt dóibh í a chleachtadh chomh maith. Léireoidh suas le 70 bunscoil, idir scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna, seóanna ag féilte na bliana seo. Beidh a rogha téama ag gach scoil, agus meascán de mhíreanna – drámaíocht, ceol, amhránaíocht, scéalaíocht, aithriseoireacht, rince agus a leithéid – i ngach seó.
Ní comórtas atá i gceist le COIRM ach tabharfar aitheantas (i bhfoirm ghradaim) do sheónna nó do mhíreanna as seónna a léireoidh ardchaighdeán ag na féilte. Ní bheidh aon teorainn leis an líon gradam a mbíonn cead ag an léirmheastóir a bhronnadh agus beidh cead aige/aici iad a bhronnadh ar ghrúpaí nó ar dhaoine aonair. Tabharfar nótaí léirmheastóireachta do gach grúpa chomh maith.
Chomh maith le bheith ar stáitse iad féin, beidh deis ag na daltaí seónna ó scoileanna eile a fheiceáil. Agus chun cur le hatmaisféar na féile, beidh siamsóirí i láthair chun gáire a bhaint as an lucht féachana idir mhíreanna.
Cuirfear tús le nach mór gach féile c. 10.30 a.m. agus beidh fáilte roimh lucht féachana ach eolas a chur chuig Gael Linn ( 01:6751200 ) roimhré. Bí linn don spórt agus spraoi !