Méid an Téacs

Coláiste Samhraidh 2013 faoi lán seoil i gCeatharlach

Iúil 9, 2013

Tá Coláiste Samhraidh ar siúl i mbaile Cheatharlach don cúigiú bhliain as a chéile agus tá ag éirí go hiontach leis.

Cuireadh tús leis an gcúrsa coicíse ar an 1ú Iúil agus  tá teach lán ann le beagnach 60 déagóirí ag freastal ar an gcoláiste samhraidh atá lonnaithe i nGaelcholáiste Cheatharlach. Eagraithe ag Glór Cheatharlach, bhí an-éileamh go deo ó thuismitheoirí ar áiteanna i mbliana mar rogha eile seachas a gcuid bpáistí a sheoladh as baile go dtí cúrsa samhraidh sa Ghaeltacht. Tá na daltaí, atá idir aois 12 agus 18, ag caitheamh coicíse ag foghlaim Gaeilge agus ag glacadh páirte i ngach saghas gníomhaíochtaí le spórt agus spraoi acu trí mhéan na Gaeilge. Is togra iontach é an Coláiste Samhraidh agus tá na daltaí an-sásta leo féin agus iad ag cur feabhais ar a gcuid scileanna teanga chomh maith le taitneamh á bhaint acu as na himeachtaí cultúrtha uile.

Chomh maith le Co. Cheatharlach tá na rannpháirtithe ag taisteal chuig an coláiste samhraidh ó Chill Chainnigh, Chill Dara, Loch Garman, Cill Mhaintáin agus Co.Laoise. Cuirtear ranganna Gaeilge le meascán maith de chomhrá agus gramadach, plé agus diospóireacht in oiriúint do na daltaí  ar fáil dóibh gach lá. Agus is aoibhinn leo an rogha maith d’imeachtaí cultúrtha atá ar an gclár chomh maith. Tá an Céilí ag dul i bhfeidhm go mór ar na déagóirí uile agus iad ag baint suilt as Ionsaí na hInse, Ballaí Luimní agus Baint an Fhéir. Thar aon ní eile cuireann an coicís a chaitheann siad sa choláiste samhraidh ina luí orthu gur féidir leo taitneamh agus spraoi a bhaint as an teanga a fhoghlamaíonn siad ar scoil lá i ndiaidh lae. Chomh maith le cur lena gcuid líofachta féin sa teanga táid ag casadh le cairde nua trí Ghaeilge. Ar an bhfoireann teagaisc tá Orlaith Ní Mhórda, Máire Ní Fhaoláin, Ellen Ní Choisdealbha, Lucy Ní Bhroin, Emma Uí Bhroin agus Bríde de Róiste. Leanfar leis an gColáiste Samhraidh go deireadh na seachtaine seo.

www.carlow-nationalist.ie

Foilsithe ar Gaelport.com 9 Iúil 2013

Carlow Nationalist – Glór Ceatharlach