Méid an Téacs

Coláiste Samhraidh i gCeatharlach

Bealtaine 18, 2012

Reachtálfar Coláiste Samhraidh do dhéagóirí  i gCeatharlach  i mbliana  don ceathrú bliain as a chéile. Tabharfaidh  sé seo rogha eile do dhaltaí gur mhian leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge ach nach bhfuil fonn orthu trí seachtaine a chaitheamh i bhfad ó bhaile sa Ghaeltacht.

Agus iad ag freastal ar Choláiste Samhraidh Cheatharlach 2012 bainfidh daltaí i rang 6 go scoláirí i mbliain 6 taitneamh as taithí Gaeltachta ó chompord a mbaile féin. Bhí ráth ollmhór ar an gcoláiste samhraidh ó 2009 agus táthar ag súil go mór le cúrsa 2012.

Beidh an coláiste ar siúl ar feadh coicíse idir 9.30 r.n. agus 1.30 i.n. ó 2ú go 13ú Iúil. Cuirfear clár suimiúil ar fáil le ranganna agus imeachtaí in oiriúint do dhaltaí rang 6 agus micléinn 1ú agus 2ú bliain i ngrúpa na sóisear agus daltaí níos sine i ngrúpa na sinsear. Is i nGaelcholáiste Cheatharlach a bheidh an coláiste samhraidh lonnaithe.

I measc na n-imeachtaí a bheidh faoi chaibidil beidh ceachtanna Gaeilge agus seisiúin cainte, díospóireachtaí agus amhránaíocht, cluichí agus spórt chomh maith le rince céilí agus iad  seo uile déanta trí mhéan na Gaeilge. Tabharfar deis do na daltaí spraoi agus spórt a bhaint as an gColáiste Samhraidh, casadh le cairde nua  agus  ag  an am céanna cur lena gcuid líofachta sa teanga.

‘Sé €195 táille iomlán an Choláiste Samhraidh. Chun áit a chur in áirithe caithfear foirm iarratais comhlánaithe agus éarlais €45 a chur ar aghaidh go luath. Tuilleadh eolais ó Glór Cheatharlach ar 059 9158105 nó 085 1340047.

www.carlow-nationalist.ie