Cómórtas Aiste Staire trí mheán na Gaeilge
Márta 5, 2012
Mar chuid den iarracht chun Stair trí Ghaeilge a spreagadh in iar-bhunscoileanna, beidh comórtas aiste á reachtáil ag Cumann Múinteoirí Staire na hÉireann arís i mbliana. Tá an spriocdháta le haghaidh seo ar an 16ú Márta.
Glacfar le hiarrtais ó dhaltaí a mbeidh scrúdú na hArdteistiméireachta sa Stair á dhéanamh acu i 2012 nó 2013.
Treoir agus Coinníollacha:
• Scríobh aiste i nGaeilge (ar nós an TST san Ardteistiméireacht) ina mbeidh na heilimintí seo a leanas:
– teideal cruinn soiléir le fócas cúng
– ábhar suntasach stairiúil atá sainmhínithe go soiléir
– struchtúr cuí, le réamhrá agus conclúid
– líne forbartha loighciúil
– dhá bhunfhoinse ar a laghad
• Bíodh an aiste idir 800 agus 1200 focal, í cló-scríofa ar thaobh amháin de leathanach
• Spriocdháta: 16ú Márta 2012
• Seol an fhoirm iarratais in éineacht leis an aiste
• Iarrfar ar an mbuaiteoir an aiste a sheoladh le ríomhphost níos déanaí
Scéim Marcála:
Marcálfar an aiste sa tslí chéanna is a ndéantar i gcás an TST i scrúdú na hArdteiste ach amháin na hathruithe seo a leanas:
Eolas Stairiúil 50
Scileanna Taighde 30
Cur i láthair 10
Foinsí 10
Duaiseanna:
An chéad duais: €200
An dara duais: €100
- Ní bhronnfar duaiseanna muna bhfuil caighdéan áirithe sroichte.
- Ní féidir dul thar mholadh an mholtóra.
- Foilseofar an aiste is fearr i STAIR 2012.