Méid an Téacs

Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2016 – siar go dtí An Cheathrú Rua leis an dá chorn !

Eanáir 29, 2016

Tá an-údar cheiliúrtha ag  daltaí deisbhéalacha ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, tar éis dóibh an dá chorn, sóisearach agus sinsearach, a bhuachan ag Craobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2016 !  Is ar an gCéadaoin, 27 Eanáir 2016, in Óstán an Heritage, Port Laoise, a reáchtáladh an ócáid ghradamúil seo. Eagraíonn Gael Linn an comórtas bliantúil seo, a chruthaíonn ardán do na foirne díospóireachta is fearr ón nGaeltacht agus ó scoileanna dara leibhéal ina bhfuil an Ghaeilge mar mheán teagaisc iontu, le cabhair airgid ó Fhoras na Gaeilge. Ghlac os cionn 50 foireann páirt sna babhtaí éagsúla a bhí ar siúl ó mhí Dheireadh Fómhair seo caite

DSC3599

Is é an rún a bhí á phlé sa chraobh shóisearach ná ‘Is fiú an t-airgead a chaitear ar TG4!’.  Labhair foirne ó Choláiste Ghobnatan, Baile Bhúirne, Co. Chorcaí  agus ó Choláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath,  ar son an rúin, agus is foirne ó Choláiste Pobail Ráth Chairn, Co. na Mí agus ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe  a bhí mar fhreasúra acu.  Bhí an-eolas ag na cainteoirí óga ar an ábhar, agus bhíodar uilig cumasach ag cur a gcuid argóintí os comhair an tslua mhóir a bhí i láthair ! Cúigear moltóirí a bhí ar an bpainéal– Seán Mac Labhraí, Máire Mhic Mhathúna, Áine Máire Ní Ghiobaláin, Féilim Mac Donnchadha agus Cathal Póirtéir – agus iarchainteoirí de chuid an chomórtais ina measc.  Bhí caighdeán chomh hard díospóireachta ann gur thóg sé tamall orthu teacht ar a gcinneadh. Bhí ríméad ar lucht tacaíochta Scoil Chuimsitheach Chiaráin , nuair a fógraíodh gurb acu a bhí an bua  !  Éacht eile déanta ar son na scoile ag na baill foirne –Clíodhna Breathnach (captain), Evan Ó Gríofa agus Áine Ní Chualáin.

Bhí díospóireacht bhreá bhríomhar ansin idir na cainteoirí sinsearacha, arís ó Choláiste Pobail Ráth Chairn, Coláiste Eoin, Baile Átha Cliath agus Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, mar aon le Coláiste Íde, An Daingean, Co. Chiarraí.  An t-am seo, is é an t-ábhar a bhí á scagadh ag na foirne ná: ‘Tá dea-thionchar ag ár gcuid staire orainn in Éirinn!’, rún a bhí  tráthúil agus muid ag comóradh Éirí Amach 1916 i mbliana. Ba léir go raibh an-ullmhú déanta ag na cainteoirí ar fad, le treoir mhaith óna gcuid múinteoirí.  Arís, is iad foireann na Ceathrún Rua ( Shauna Seoighe, captaen, Brian Mac Donncha agus Clíona Ní Laoi ) a roghnaíodh mar bhuaiteoirí, toisc a n-argóintí láidre, tomhaiste ar son an rúin agus bhí seacht gcroí orthu agus iad ag  ardú an choirn!  Máirín Ní Dhomhnaill, an múinteoir a stiúraigh an fhoireann trí bhabhtaí uilig an chomórtais i mbliana agus í ag cur arís eile leis na gradaim díospóireachta atá buaite ag foirne na scoile le blianta fada anuas !  Ba mhór acu a mbua iontach ag an dá léibhéal, sóisearach agus sinseareach,  i mbliana go speisialta, agus an scoil ag comóradh 50 bliain ar an bhfód.

Is é Mícheál Ó Muircheartaigh a bhí mar aoichainteoir ag an ócáid, agus mhol sé na rannpháirtithe óga as bua na cainte a bheith acu uilig ! Léirigh sé an-spéis sna hóráidí ar fad agus chuir sé a chuid tuairimí féin ar na toipicí seo os comhair an lucht féachana ansin.

Bronnadh buanchorn agus duais €1,000 ar na foirne buacacha agus duais €250 ar na foirne eile a bhí rannpháirteach sa chraobh. Agus é ag déanamh comhghairdis leis na duaiseoirí, ghabh Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn buíochas le múinteoirí na bhfoirne uilig as a ndúthracht agus dúirt : ‘I mbliain seo chomóradh céad bliain an Éirí Amach, an t-ómós is mó gur féidir linn a thaispeáint do na laochra ná an Ghaeilge a chur chun cinn. Chreid Gael Linn i gcónaí gurb é labhairt na Gaeilge mórchuspóir na foghlama agus léiríonn an leibhéal rannpháirtíochta sa chomórtas, agus an t-ardchaighdeán díospóireachta, go bhfuil scoileanna anois ag cur béim bhreise ar scileanna cumarsáide a fhorbairt’.

Críoch

Tuilleadh eolais:  Niamh de Búrca 01:6753303/087:2623953