Méid an Téacs

Comórtas náisiúnta dearadh póstaer don dráma Ardteiste ‘An Triail’

Deireadh Fómhair 10, 2016

Sheol Fíbín a gcéad chomórtas náisiúnta dearadh póstaer thiar i mí Márta ar thóir íomhá poiblíochta do chamchuairt an chompántais don dráma Ardteiste ‘An Triail’ agus d’éirigh go hiontach leis. Tháinig iontrálacha iontacha isteach ó scoláirí as gach cearn den tír. Chuir Fíbín tús le camchuairt na bliana seo sa Belltable i Luimneach an Luan seo caite agus críochnóidh an chamchuairt sa Taibhdhearc i nGaillimh ag deireadh na míosa. Ní raibh sé éasca buaiteoir a roghnú ach d’éirigh le Ryan Long, scoláire ealaíne sa 5ú bliain i Mayfield Community School i gCorcaigh an duais a bhuachan agus bhí an iomaíocht an-ghéar go deo. D’oibrigh Ryan le grafaicí ríomhaire agus le  Photoshop chun a dhearadh deiridh a bhaint amach. Bhronn Bainisteoir Margaíochta Fíbín, Caitlín Nic Dhonnacha duaiseanna luach €800 ar Ryan, ina measc táibléad Android, póstaer sínithe don scoil agus bronnadh ticéid ar  Ryan agus a rang chun An Triail a fheiceáil ar stáitse san Everyman. Bhain Ryan agus a rang an-sásamh as seisiún príobháideach Ceisteanna & Freagraí leis na haisteoirí tar éis an léirithe chomh maith.  

dsc_0255-copy

Mar thoradh ar an suim a cuireadh sa chomórtas seo sheol Fíbín comórtas náisiúnta ealaíne do chamchuairt na bliana seo chugainn ar thóir íomhá poiblíochta nua ag an TY Expo i gCill Dara i lár na míosa seo caite. Beidh dearadh an bhuaiteora le feiceáil ar bhallaí in amharclanna ar fud na tíre agus in ábhar poiblíochta ar shuíomh Gréasáin Fíbín agus ar a gcainéil meáin shóisialta. Tá na sonraí go léir le fáil ar www.fibin.com