Méid an Téacs

Comórtas Náisiúnta Ealaíne

Nollaig 7, 2016

Tá Fíbín ar ais arís i mbliana le Comórtas Náisiúnta Ealaíne agus muid sa tóir ar an chéad íomhá poiblíochta eile don dráma ‘An Triail’, a bheidh ag dul ar camchuairt an fómhar seo chugainn. Cuireadh oiread sin suim sa chéad chomórtas a reáchtáil muid an bhliain seo agus fuair muid neart iontrálacha isteach ó scoileanna mórthimpeall na tíre. Tá duais iontach le buachan, ina measc táibléad Android, 30 ticéad don rang chun An Triail a fheiceáil ar stáitse agus seisiún príobháideach Ceisteanna & Freagraí leis na haisteoirí tar éis an seó. Ba scoláire as Mayfield Community School i gCorcaigh a bhuaigh an duais i mbliana ach cá bhfios cén cearn den tír a gcríochnóidh an duais mhór suas ann an bhliain seo chugainn.  Is féidir na treoirlínte a léamh ar ár suíomh gréasáin anseo

Beidh dearadh an bhuaiteora le feiceáil ar bhallaí in amharclanna ar fud na tíre agus in ábhar poiblíochta ar shuíomh Gréasáin Fíbín agus ar a gcainéil meáin shóisialta chomh maith. Tá neart am chun bhur n-iontrálacha a fháil isteach, idir seo agus an spriocdháta 19 Bealtaine 2017. Má tá aon cheisteanna seol ríomhphost chuig margaiochtfibin@gmail.com

poster-comp